Bhí cuairteoir an-speisialta againn inniu... 🇮🇪
Ba mhór an onóir dúinn fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann chuig Aon Scéal ? Café is amharclann 'An Sciobóil'.
Lá a mbeidh cuimhne go deo air!
#UachtaránnahÉireann#ÁrasanUachtaráin
Don chéad uair le 10 mbliana anuas, ní bhfuair @TG4TV aon mhéadú maoinithe i mBuiséad 2027.
Cuirfidh sé seo bac ar fhorbairt an stáisiúin tráth a bhfuil éileamh méadaitheach ar ábhar Gaeilge.
Faigheann S4C sa Bhreatain Bheag maoiniú de €100m+ sa bhliain. Cé go bhfuil an ról céanna ag @TG4TV, faigheann an stáisiún maoiniú de €65.5m. Cá bhfuil an uaillmhian chéanna in Éirinn?
Ba cheart do Chomhairle Contae na Mí dul ar aghaidh lena sprioc uaillmhianach maidir le coinníollacha teanga i bhforbarthaí tithíochta sa Ghaeltacht - mar a rinne Comhairle Contae Chorcaí - seachas fanacht leis na treoirlínte náisiúnta pleanála.
Tá na dréacht-treoirlínte lochtach & le leasú agus baineann sé an bonn den chosaint atá i bhfeidhm cheana féin.
Tá an éigeandáil sa chóras oideachais ag dul in olcas.
Ní dhearna 21% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí aon scrúdú Gaeilge i mbliana.
Tá @Education_Ire ag teip ar dhaltaí & ar an nGaeilge. Tá géarghá le polasaí comhtháite ón luath-óige go dtí an 3ú leibhéal bunaithe ar an FTCE le freastal ar dhaltaí le riachtanais & ag teacht isteach déanach sa chóras.Tá seo pléite leis an Aire @1Hildegarde - an bhfuil tú sásta gníomhú #Anois?
“Ní lá maith é seo, ná baol air. Gheall an tAire Gaeltachta anuraidh nach raibh san ardú €23m a fógraíodh do Roinn na do 2026 ach ‘an chéad chéim’. Bhí muid thar a bheith dóchasach mar sin, go dtiocfadh ar a laghad an méid chéanna sa bhreis i mbliana. Níor fógraíodh ach méadú an-bheag ar airgead reatha sa cháinaisnéis inniu."
Deir Conradh na Gaeilge gur drochlá atá ann don Ghaeilge agus Gaeltacht agus gurb ionann an t-ardú ón Rialtas agus an t-ardú is lú in aon cháinaisnéis le dhá Rialtas @CnaG
Seo mar atá faoi láthair…
➡️€0.50 milliún – Údarás na Gaeltachta (airgead reatha)
➡️ €1.00 milliún – Scéimeanna Gaeltachta
➡️€0.75 milliún – Pleanáil Teanga
➡️���1.00 milliún– Foras na Gaeilge
➡️€1.02 milliún – Níor tugadh mionsonraí fós
➡️€5.0 milliún– Buiséad Caipitil (Gaeilge, Gaeltachta & na nOileán)
Scéal ar bith fós faoi TG4
🚨RELEASE- Budget 2027
🎯“Very small increase for the Irish language, the Gaeltacht & TG4 in Budget 2027. According to the information announced, the Government’s increase is the smallest in any Budget over the past two Governments.”
🔗Full news release at https://t.co/LQzeIBM3HV
🚨RÁITEAS - Cáinaisnéis 2027
🎯“Méadú an-bheag in ann don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus TG4 i 2027. Is ionann an t-ardú ón Rialtas agus an t-ardú is lú in aon cháinaisnéis le dhá Rialtas anuas de réir an eolais fógartha”
🔗 Ráiteas iomlán ag https://t.co/3EqnleZ91l
"Anuraidh fograíodh an t-ardú is mó ar chaiteachas na Gaeilge & na Gaeltachta le blianta; inniu, fógraíodh an t-ardú is lú le blianta." @juleser1 ag caint le @NuachtTG4 inniu 👇
Bígí linn ag Gaelathon, an chéad rás trí Ghaeilge riamh! 🏃👟
Eagraithe ag @Bac_leGaeilge, Club Reatha - Céim ar Chéim, @opwireland agus Monster Timing, rás 5km trí Ghaeilge atá i gceist ag tosú ag 09:30 i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath 🏁🏞️
Tá na reathaithe uilig cláraithe cheana féin ach tá liosta feithimh ann agus beidh fáilte roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge agus daoine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu araon ar an lá, aon duine atá ag iarraidh an t-atmaisféar a shú isteach! 🏅
ℹ️ Tuilleadh eolais: [email protected]
"Anois agus Craobh Chonradh na Gaeilge athbhunaithe i bPort an Dúnáin, díreach sular tharla aighneas na paráide seo, tugann an gníomh sin uchtach do Ghaeil an bhaile, dar le Ciarán, go bhfuil fís teanga agus pobail a fhíorú."
https://t.co/UiU0Vt7V4R