Bhí an t-ádh orm go raibh mé in ann cuairt a thabhairt ar ar Bhailí na hIndinéise i mbliana.
Tá áilleacht iontach ann - idir an dúlra agus na déithe - ach ní raibh mé in ann neamhaird a thabhairt ar na scamaill dhorcha os cionn an oileáin bhig ghlais...
https://t.co/E97mnMsnci
Oileán eile ag a bhfuil stair an-chasta is ea Srí Lanca ach amharctar ar chomharthaí ilteangacha ann mar chuid d'iarrachtaí athmhuintearais na tíre.
Más féidir leosan trí theanga a thaispeáint, ba cheart go mbeadh muidne in ann glacadh le dhá theanga (ar a laghad) in Éirinn nua.
Tá NÓS 18 inniu!
Ar na féiríní atá faighte againn dár mbreithlá tá cló, lógó & dathanna breátha, & hanla úr do na meáin shóisialta: @nosanseo
Tá tuilleadh pleananna ar cois… suíomh nua & podchraoladh ceoil ina measc.
Na Gaeil abú & Beannachtaí na Féile oraibh!
Foireann NÓS
Alt liom ar @nosmag faoi chneasú na tíre agus an ról atá ag an Ghaeilge sa díospóireacht náisiúnta faoi Éirinn athaontaithe.
Agus tá fabhalscéal i dtús an phíosa... an rud is annamh is iontach!
https://t.co/SEqMcnpW9c
“Chun an brón, an t-ocras, an chogaíocht a dhíbirt, ní mór réabhlóid shíceolaíoch a bheith ann, & is rud é sin nár mhian le mórán againn aghaidh a thabhairt air.”
B'fhíor do Krishnamurti. Dá mba mhaith linn an saol mór a athrú, caithfidh muid ár saol inmheánach a athrú ar dtús.
Is cuma cén locht atá ar chóras daonlathach Veiniséala, is uafásach an freagra é seo ar ionsaí scanrúil mídhleathach gan chúis ar stát neamhspleách. Ní mór don Eoraip cur ina choinne go láidir.
A cheannairí an Aontais, bíodh ciall agaibh. Ní faide gob na gé ná gob an ghandail.
I have spoken with Secretary of State Marco Rubio and our Ambassador in Caracas. The EU is closely monitoring the situation in Venezuela.
The EU has repeatedly stated that Mr Maduro lacks legitimacy and has defended a peaceful transition. Under all circumstances, the principles of international law and the UN Charter must be respected. We call for restraint.
The safety of EU citizens in the country is our top priority.
Tá dúshláin romhainn mar speiceas - cogaíocht & slad, deighilt & saint, scrios timpeallachta & dícheangal daonna - ach ní mór dúinn coinneáil orainn & ár ndícheall a dhéanamh an solas, an grá & an muintearas a chothú níos mó ná riamh.
Gach rath ar gach neach i ngach áit in 2026.
San eagrán deiridh den tsraith seo de ‘Idir Chroí agus Anam’, labhair mé le laoch de chuid mo cheantair féin, Pádraigín Ní Uallacháin.
Phléigh muid an bás agus an bheatha, traidisiún an chaointe, bandéithe na hÉireann, agus go leor eile.
Le fáil anseo: https://t.co/stXgR1cqer
Bhí comhrá iontach agam leis an Athair @brianofearraigh faoi na seanphaidreacha Gaeilge, an tart spioradálta atá ar dhaoine, agus an nasc domhain atá idir an creideamh, an oidhreacht agus an dúlra, le cois nithe eile.
Is féidir éisteacht leis anseo: https://t.co/32tK9AN7Lk
Seo gearrthóg ón chomhrá a bhí agam le hAntain Mac Lochlainn faoin chomhairle a bhí ag na Sean-Stóigh dúinn, an dóigh ar amharc siad ar an chosmas, & an dúshlán a bhaineann le cuid de na téarmaí fealsúnachta a aistriú go Gaeilge...
Eagrán iomlán anseo: https://t.co/DwH7wEnsdU
Míle buíochas ó chroí leat a Mhíchíl D, agus gach beannacht agus rath ort a Catherine C.
Ábhar misnigh agus dóchais a bhí san óráid a thug ár nUachtarán nua inniu. Go n-éirí go geal léi.
@Connolly_HQ@PresidentIRL
@OsgurOCiardha Ba chóir do mo dhuine an t-alt seo le Titley a léamh, sin agus an dá leabhar atá luaite ann:
'The Ó Neachtain Window on Gaelic Dublin, 1700-1750' le Liam Mac Mathúna
'Mhaireadar san Ardchathair' le Donn S. Piatt
https://t.co/6QaRaNMDtu
Sa dara heagrán de 'Idir Chroí agus Anam', labhraím leis an mhúinteoir ióga, ceoltóir, treoraí, agus duine álainn, Jenny Ní Ruiséil.
Pléann muid a haistear féin, mantraí, Tantra, Ayurveda, spiorad na hÉireann, le cois nithe eile.
Éist leis anois: https://t.co/nPHU29h6Sp
Abair seachtain speisialta i mBéal Feirste cois cuain. Mo cheol is mo ghrá sibh uilig a chairde, idir shean agus nua. Go mbeire muid beo ar an am seo arís!
@OirnaGaeilge
Tá @OirnaGaeilge faoi lán seoil & buzz iontach i mBéal Feirste.
Cúpla rud a mbeidh mé páirteach iontu inniu ná seoladh shuíomh nua @FisanPhobail san Aonach, ICC, ar 16:00 + pléphainéal faoi ghairmeacha Gaeilge le @CoggOid i Halla 2B, ICC, ar 18:00.
Buailigí isteach don chraic!
Ábhar machnaimh uait?
Tabhair cluas don chomhrá seo a bhí agam le @hardingmichael faoi bhrí na beatha, an dóigh a gcuidíonn an Búdachas leis a bheith ina Chríostaí níos fearr, an bás, an láithreacht uilíoch atá thart orainn i gcónaí, agus nithe eile...
https://t.co/xP7Gys8Rkh
Tá an tOireachtas linn! Ghlac mé páirt i bPod Gaeilge @tuairiscnuacht agus muid ag breathnú siar ar Oireachtaisí a bhí agus ag amharc chun cinn ar an tseachtain seo amach romhainn cois Lagáin. Is féidir éisteacht leis ar do bhealach go Béal Feirste! @OirnaGaeilge#OnaS25