Íde Ní Chárthaigh (Bl 3), Eimear Ní Chiardha (Bl 3), Colleen de Búrca (Bl 4), Jack Ó Goillidhe (Bl 4), Emma Duerr (Bl 5), Naomi Ní Scanaill (Bl 5), Niamh Ní Laocha (Bl 6) agus Beverly Swann (Bl 6). Fuair na daltaí dearbháin do Shiopa Uí Luasa.
#gobuaicdochumais
2/2
GRADAIM “GO BUAIC DO CHUMAIS”
Roghnaíodh daltaí a léirigh sáriarracht, ceannaireacht nó rannpháirtíocht dhearfach i saol na scoile ó tús na scoilbhliana seo. Bronnadh gradam ar Holly Ní Chríodáin (Bl 1), Matthew Ó Tuama (Bl 1), Abbie Ní Liatháin (Bl 2), Cian Ó Tuama (Bl 2), 1/2
Beidh na Cruinnithe Tuismitheoirí Daltaí is Múinteoirí do Bhliain 3 & 6 ar siúl amárach ó 16:15 go 18:45.
Beidh na ranganna ag críochnú ag 15:35 ar an lá seo.
Beidh na daltaí ó Bhliain a 6 ag teacht lena dtuismitheoirí.
D’fhreastail muintir na hidirbhliana ar Teen Talk 2026 ar líne inniu - Is imeacht é ‘Teen Talk’, a thugann deis do dhaltaí plé a dhéanamh ar ábhair thábhachtacha ar nós na feasachta ar mheabhairshláinte agus an tábhacht a bhaineann le meon dearfach a chothú.
@Corkcoco
Comórtas Bácála
Chuireamar clabhsúr deas de Sheachtain Eolaíochta le Comórtas Bácála. Bhí caighdeán den scoth ann. Dhein Iarlaith Ó Duinnín císte le léaráid Bohr. Tháinig samhail de chealla plandaí ó Aifric Ní Chuisín, Almha Ní Aodha agus Eithne Ní Laocha. Bhí cáca le 1/3
céimeanna na Gealaí ó Alice de Brún, Colleen de Búrca, Aoibhínn Ní Dhonnchú agus Aisling Ní Chéilleachair. Fuaireamar blaiseadh de gach cineál eolaíochta ó uimhir Avogadro go dtí na pláinéid inár gcóras gréine. Molaimid an iarracht mhór ar fad! 2/3
☘️ 'Tá splanc spleodrach faoin Ghaeilge...'
Sheol @PresidentIRL Catherine Connolly togra bliana inné chun úsáid na Gaeilge a spreagadh agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an mborradh atá faoin teanga ar fud na tíre.
🔗 Brúigh an nasc sa bio le tuilleadh a léamh.
Ceardlann ar Fhuinneamh le SEAI Lean Seachtain Eolaíochta ar aghaidh inniu. Bhí ceardlann (as Gaeilge) ar fhuinneamh le Meadhbh ó SEAI. Bhí deis ag daltaí ó bhliain a dó, bliain a trí, idirbhliain agus daltaí fisice páirt a ghlacadh. @SEAI_ie
Bhí Bliain 4 gnóthach inné timpeall na scoile le himeachtaí @gaeilge24. Ar maidin ghlac siad páirt i dtráth na gceist beo ar líne, ansin níos déanaí bhí painéil beo cainte ar líne acu. I rith an lae bhí siad ag cur tiktoks le chéile chun páirt a ghlacadh sa chomórtas náisiúnta
Eolaíocht - Bliain a dó Ó thús na scoilbhliana, tá an dara bliain ag obair ar cheimic in Eolaíocht. Dhein daltaí i 2A toirtmheasacdh idir aigéad agus bun. Chuir daltaí 2B samhlacha Bohr. Inné bhí Tráth na gCeist acu ag úsáid Quizlet mar chuid de Sheachtain Eolaíochta