Labhair an feirmeoir Joe Folan linn ar Iris Aniar ar maidin faoi chuid de na rudaí a fógraíodh sa mbuiséad d’fheirmeoirí.
Éist: https://t.co/ZZqq8P7deS
Tá feachtas earcaíochta ar bun ag @gardainfo faoi láthair. Labhair an Garda Aisling Corbett linn ar Iris Aniar faoina cuid oibre agus faoin tréimhse traenála a bhíonn le déanamh i dTeampall Mór.
Tá siad ag glacadh le hiarratais go dtí 9 Deireadh Fómhair
https://t.co/Y9FWcWoC2V
Labhair Máirtín Breathnach linn ar an gclár ar maidin faoin bhfeachtas bailiúcháin airgid atá á eagrú ar mhaithe le Cumann Alzheimer an Iarthair.
Is féidir tacú leis an bhfeachtas ag an nasc seo👇 https://t.co/qIPfFEKU1B
Bhronn an t-Uachtarán Michael D. Higgins a chartlann phearsanta óna thréimhse mar uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe ag ócáid speisialta a bhí san ollscoil Dé hAoine.
Bhí deireadh seachtaine iontach againn ag #CPnaG25 i Ráth Chairn!
Buíochas leis na haíonna ar fad a bhí linn sa Ródaí maidin Dé hAoine agus Dé Luain 🏐🎶
Labhair Síle, Aoibhe agus Éadaoin @ColGhobnait linn ar an gclár ar maidin faoin bhfeachtas seo. Beidh an triúr acu ag gearradh a gcuid gruaige ar mhaithe le Fondúireacht Ghruaige Rapunzel agus Bád Tarrthála Árann @RNLI https://t.co/8NSS0mAjG4
Labhair Pat Mhichael Ó Cualáin as an gCeathrú Rua le Mícheál faoin mbád nua atá curtha i bhfarraige aige.
Tá Pat Mhichael ag obair ar an mbád, An St. Michael, le cúpla bliain.
Thaitin sé go mór liom bheith i mbun cainte le Micheá Ó Tuatháil ar @IrisAniar ar @RTERnaG faoin Scéim Sparánachta Cónaithe Uile-Éireann atá a reachtáil ag Belfast TradFest @BelfastTradF i mbliana.
Éist siar anseo 🎧 https://t.co/bfIPGWeJcE
Tá siúlóid 5km á eagrú i gcuimhne ar Croíadh Ní Fhlátharta. Is féidir tacú lena múintir atá ag bailiú airgead don ionad nua bhreithe in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh agus don eagraíocht Féileacáin ag an nasc seo. https://t.co/MIP7nnI2Ve
Tá trí chóip den leabhar An Gluaiseacht, Scéal Chearta na Gaeltachta le gruachtáil at an gclár inniu agus Beidh muid ag labhairt le údar an leabhair Rónán Mac Con Iomaire. Bígí linn! @CloIarChonnacht@RTERnaG@ronanmaccon
Thug Micheál cuairt ar Scoil na hEachléime i Maigh Eo atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana.
Bhí an príomhoide Ferdia Ó Mongáin agus roinnt de na gasúir le cloisteal ar Iris Aniar le gairid 📚🎶
https://t.co/4vWwTdIObG
Tá feachtas bailithe airgid seolta ag múintir Mháire a chuaigh ar iarraidh amach ó Thrá na gCeann i mBearna seachtain sa lá inniu. https://t.co/VQ0e1WXyQA
Ar an 21 Deireadh Fómhair rith Gearóid de Bhailís as an Rinn Mhór chomh fada leis an gCeathrú Rua agus ar ais arís ar mhaithe leis an eagraíocht Pieta.
Tá an nasc idonate oscailte i gcónaí 🏃♂️🏃♂️ https://t.co/nLOG07v7WN
Tá sé 40 bliain ó throid Seán Ó Mainín i gCraobh an Domhain i Madison Square Garden agus tá Tommy Conroy as Rosmuc linn sa stiúideo ar maidin le labhairt le Mícheál faoin oíche sin 🥊
Ar cheart go mbeadh an rogha ag daoine íoc isteach le hairgead tirim ag geata na páirce?
Tá Oifigeach Gaeilge CLG na Gaillimhe ag labhairt le Mícheál ar Iris Aniar anois faoin gcóras nua atá curtha i bhfeidhm acu @RTERnaG
An cuimhin libh an bosca teileafón a bhí sa Spidéal i 1981? 📞
Is cosúil go raibh locht ar an teileafón agus go raibh an pobal in ann glaonna idirnáisiúnta a dhéanamh in aisce!
Labhair an t-iriseoir Bernie Ní Fhlatharta linn ar Iris Aniar 👇👂
https://t.co/VJhnxwEfGR