Mar a Déarfá! An Focal Scríofa don Chainteoir Dúchais Gaeilge. Clár nua fónaice / litearthachta, á fhorbairt i nGaeilge na Mumhan, Chonnacht agus Uladh.
Bhí an-fhreastal aréir ar scéim phíolótach atá ar bun againn i 'Mar a Déarfá!'. 30 tuismitheoir a bhí linn as Baile Ghib agus Ráth Chairn! Go raibh míle maith agaibh as bhur dtacaíocht agus as bhur gcuid aiseolais, a mhuintir na Mí!
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil eagrán nua feabhsaithe den tsraith Ar M’Fhocal! foilsithe anois ag Breacadh!
Is féidir samplaí de na scéalta a léamh anseo:
https://t.co/6SDRirvfkb
Nasc chuig an siopa ar líne:
https://t.co/bOnrJ6UD4e
Nach againn a bhí an spórt le ceoltóirí agus múinteoirí ceoil ó Ghaeltachtaí na tíre an Satharn seo caite! Sheol muid ‘Teagasc an Cheoil’ ag Oireachtas na Samhna i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta. Chas 40+ ceoltóir Gaeltachta scoth an cheoil ann! Ceiliúradh speisialta.♥️🎶
Sheol muid ‘Teagasc an Cheoil’ ag Oireachtas na Samhna, i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta! Leabhrán é seo atá lán le téarmaí, frásaí agus taifeadtaí fuaime a bhaineann le teagasc an cheoil thraidisiúnta. Le fáil sna trí mhórchanúint–Gaeilge Chonnacht, na Mumhan & Uladh.
A Cheoltóirí Gaeltachta, bigí linn go gcasfaidh muid cúpla port le chéile ag Oireachtas na Samhna! Lean an nasc seo le haghaidh taifeadtaí de na poirt!
https://t.co/cNOkW6zyvx
#onas24
A Cheoltóirí Gaeltachta, bigí linn go gcasfaidh muid cúpla port le chéile ag Oireachtas na Samhna! Lean an nasc seo le haghaidh taifeadtaí de na poirt!
https://t.co/x0BqDmYaKv
#OnaS24
Seoladh leagan na Mumhan de 'Leabhar an Mhúinteora 1A' agus 'Leabhar na Leanaí 1A' de FÉ MAR A DÉARFÁ! ag Oireachtas na Gaeilge - clár cuimsitheach, grádaithe litearthachta a dhíríonn ar líofacht léitheoireachta agus cruinneas scríofa a mhúineadh don chainteoir dúchais Gaeilge.