Tá Fáinne Úr ag Conradh na Gaeilge @CnaG! Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat.
An Fáinne le slabhra ar fáil anois!- Líon teoranta
“I’d love to Learn Irish” - do!
Is féidir clárú do Théarma an Fhómhair ag https://t.co/u8G0Aum97q anois!
Register for our Autumn Term now! Cuir tús le d’aistear teanga inniu 💚
“Chuir an Ghaeilge a lán deiseanna nua ar fáil dom, ach an rud is mó a thug sí dom ná an muinín mo shaol a reáchtáil sa slí gur mhaith liom, agus dul de réir mo chroí” - Eímear
Seasann an fáinne do Ghaeilgeoirí - éinne a bhfuil bród acu don teanga, is cuma má tá siad líofa nó a bhfuil cúpla focail acu. Caith an fainne, dean iarracht í a labhairt agus déan do dhícheall”
- Órla
“Anois tá mé i mo mhúinteoir meánscoile agus is é an sprioc is mó atá agam ná an suim chéanna a chur ar aghaidh ag na glúnta atá le teacht.” - Cillian @justchillian_
“In ainneoin an droch-spreagaidh a fuair glúin mo sheanaintín i leith na Gaeilge, tá pobal teangan
bríomhar againn fós. Tá fáil againn ar bhunchloch ár
nósanna agus ár dtraidisiún. Nach méanar dúinn!” - Muireann
“Tháinig mé ar an ngrúpa Loch Garman ag Labhairt trí chara atá agam. Daoine fíor-dheas agus greannmhar atá iontu…. Ar bharr sin, is deis iontach í cairde nua a dhéanamh atá an tsuim agus an bród céanna acu in ár dteanga dhúchais” Séamus
“Nuair a bhog mé go Corcaigh don ollscoil, ní raibh pobal Gaeilge ar bith agam. Ní raibh Gaeilge ar bith sa coláiste, agus bhí mé uaigneach in a dhiaidh. Bhí smaointe agam Cumann Gaelach a thosú i MTU” - Rachael
“Cén fáth go labhraím Gaeilge fós?
Dar liomsa níl aon teanga le raon, rithim nó stair céanna. Is í ár dteanga dúchais agus mothaím chomh bródúil í a spreagadh sa lá atá inniu ann.”
Joe
“Saol, gairm, grá, cairdeas agus muintir trí Ghaeilge atá faighte againn a bhuíochas leis na heispéiris seo ar fad.
Treabhadh linn!” @sibealmedb@cliodhna_nicg