Bhí sé an-ghníomhach i bPobal Chluain Tarbh le blianta fada. Bhí aithne ag na Gaeil ar fad sa chathair air toisc a dhíogras ag cabhrú leis na maidineacha caifé.
Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
D'fhágamar slán inniu le cara mór linn i gCluain Tarbh, Seán Ó Coileáin.
Cailleadh Seán ar an 4 Eanáir, ach bhí socraid álainn ann do inniu. Bhí Seán ina chabhair iontach leis na turais threoraithe le déanaí, mar shaineolaí ar Oileán an Bhulla agus Páirc Naomh Áine…
Éileamh 4: Plean Fáis👇
Níl cothrom na féinne faighte riamh don Ghaeilge nó don Ghaeltacht sa tír seo.
Ní dhearnadh mórán infheistíochta uaillmhianach riamh don teanga nó don Ghaeilge.💰
Ní mór dúinn a chinntiú go dtiocfaidh athrú air. Caith GaelVóta ar an 29 Samhain✊
For anyone looking to brush up on their Gaeilge...
Free beginner Irish classes starting TONIGHT in Clontarf GAA Club. 8-9pm every Wednesday for 10 weeks.
You can register with Éanna on the night or DM us if for contact details
Amárach- Dé Céadaoin, 29 Samhain ag 6.30i.n. , Leabharlann Ráth Eanaigh
Máistrí ar na healaíon béil iad Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánuis
Cláraigh- [email protected]
Ní raibh mórán imeachtaí againn ó mhí an Márta #SnaG23 ach tá sé i gceist againn sin a athrú le himeacht nó dhó as Gaeilge gach mí sa cheantar.
Beimid ag bualadh ar Zoom dé Céadaoin seo ag 21:00 le cúpla rud a phleanáil. Bígí Linn más spéis leat cabhrú. Fáilte roimh chách!!!
Tá an Phlaic curtha in airde in aice le seangheata, gar do shuíomh an tí.
Comhghairdeas leis an grúpa Gaeilgeoirí as Ráth Eanaigh agus Cluain Tarbh a mhol an togra seo, in ómós do Sheosamh Mac Grianna.
Nochtadh Plaice Cuimhneacháin i bPáirc Naomh Áine inniu, i gcuimhne ar Sheosamh Mac Grianna, an scríbhneoir Gaeilge iomráiteach as Rann na Feirste, Contae Dhún na nGall.
Chaith Seosamh roinnt blianta sna 50í in a chónaí i dteach sa Pháirc
Slua deas ag an turas don Casino Marino inné.
Cúpla spás fós ar fáil don chéad turas eile Dé Céadaoin 4-5
Cláraigh ag https://t.co/xRZ8w52jV2
.
📸 Pádraig de Búrca @GaelTeic
2 ócáid álainn do pháistí inniu & inné mar chuid de #SnaG23.
1️⃣Bhí slua iontach i Leabharlann Ráth Eanaigh inniu don seisiún scéalaíochta le 15 páiste ann.
2️⃣Bhí 35 babaí cláraithe don 2 ócáid Baby Sensory inné i CLG Chluain Tarbh freisin!
Thug sé árdú croí dúinn an oiread sin tuismitheoirí a chloisteál ag baint sult as imeachtaí trí Ghaeilge lena bpáistí.
Míle buíochas Madeleine as an 2 imeacht a chomhordú!
.
Buíochas freisin le @BabySensoryHQ@ClontarfGAAClub@TeangaTi@dubcilib
An bhfuil cónaí ort i mBaile Átha Cliath 3?
Ba mhaith le scoil áitiúil an t-éileamh a mheas i measc tuismitheoirí a leanbh/leanaí a chlárú le hoideachas trí Ghaeilge a fháil i scoil phríomhshrutha mheán-Bhéarla.
Líon isteach an suirbhé seo: https://t.co/nsJikP1elm
Tá gach ticéad imithe don Chabaret Chluain Tarbh anocht. Ach Fáilte roimh gach duine chuig an Pop Up Gaeltacht @theshedsbar ina dhiaidh óna 9.
Ag tnúth go mór leis an oiche #SnaG23
Ta an turas as Gaeilge don Casino Marino lán anois #SnaG23. Tá súil againn turas eile a eagrú go luath. Cláraigh don liosta feithimh ag https://t.co/xRZ8w51M5u