Beidh an ciorcal comhrá ag bogadh go Coláiste Cois Life agus ag tosú rúinín beag níos luaithe ag 9:30 amach anseo. Cuirfear tae, caifé agus sóláistí ar fáil. Bualaigí isteach chugainn! @ddletb
Labhair an tAire um Bhreidoideachas & Ardoideachas ag CCL inniu nuair bhí ionad traenála nua á sheoladh aige ar son an Ionad Traenála Naisiúnta Mount Lucas. Baineann an t-ionad seo le cúrsaí tógála agus iarfheistiú tithíochta. @ddletb@mountlucastc@LOETBenterprise
Comhghairdeas le muintir Cois Life (Tomás Konstantin, Oilibhéar Birch agus Fionn Ó Giolláin) a bhí mar chuid de fhoireann Chill Dara a bhuaigh craobh uile Éireann faoi 20 ar an Satharn
Grúpa Gaisce. Rinneamar siúlóid 20km ó Chóillte Cróin (Crone Wood) go Tigh Bhródáin (Tibradden) inniú. An chuid deireanach den bhliain chun an Bonn Cré-umha a fháil. The Gaisce group walked 20km today to earn their bronze medal.
A chairde, Míle buíochas do gach clann a thug tacaíocht do Rith Cois Life i mbliana. Many thanks to all the families that supported Rith Cois Life this year. Comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad atá luaite thíos. Congratulations to all our winners listed below.
Tá Coláiste Cois Life ag fógairt le haghaidh feighlí scoile páirtaimseartha. Coláiste Cois Life is advertising for a part-time caretaker position. Please contact [email protected] for further information.
Lá 2 in Barcelona: D’imigh muid go dtí Tarragona, carr cábla go dtí Montserrat agus turas báid timpeall chathair Barcelona. Chomh maith le sin, bhí sár-chomórtas amhránaíochta le feiceáil idir na scoláirí inniu agus iad ar na busanna ag dul ó áit go háit.
☔️Ní hé lá na báistí lá na bpáistí ☔️
Chuaigh bl. 2 ar thuras go Gleann Dá Loch ar maidin. Thug grúpa amháin cuairt ar an mainistir agus chuaigh an grúpa eile i mbun dreapadóireachta. Lean siad orthu le misneach mór in ainneoin na drochaimsire.
Maith sibh 👏
Thug scoláirí ón gCoiste Glas cuairt ar Ghleann Dá Loch an tseachtain seo chaite chun Lá Domhanda Uisce a cheiliúradh agus chun feasacht a ardú maidir le huisce.
Bhain siad an-taitneamh as!
Some students from our Green Committee went to Glendalough last week to celebrate Wor
D'fhreastail bliain 4 ar an scannán An Cailín Ciúin san IFI an tseachtain seo chaite mar chuid de SNAG. Transition year attended the Oscar nominated film An Cailín Ciúin in the IFI last week. ☘️☘️🍿🍿
Bhí ranganna cheol na Sraithe Sóisearaí ag ceolchoirm sa Cheoláras Náisiúnta ar an 21 Márta agus bhí deis acu éisteacht leis an gCeolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ ag seinm beo. Bhaineamar go léir an-taitneamh as (agus as lón sa chathair i ndiaidh na ceolchoirme)!
Thug Rang Féile cuairt ar an gCumann Gníomhaíochta Lucht Scoir Leamhcán Dé Céadaoin 22 Márta.
D’eagraigh siad Tráth na gCeist dhá-theangach agus píosa siamsaíochta. Tá cúrsa obair dheonach á dhéanamh acu sa rang Folláine agus is cuid dá tionscadal gníomhaíochta.
Mí-ádh leis na buachaillí Cispheile Bliain 2 a chaill amach sa 1/4 craobh i gcoinne Nord Anglia International School. Rinne siad an-iarracht in ainneoin an toradh.
Na scorálaithe:
Danny Ó Riain (8)
Conor Ó Maoláin (6)
Daniel Mac Giolla Phóil (4)
Oisín Mac Giolla Phádraig (2
Ghlac na foirne sinsir peile páirte i mbliots na Gaelcholáistí Dé Luain. Bhí lá den scoth acu i ndroch aimsir! Comhghairdeas leis na gcailiní agus na mbuachaillí a d'eirigh leo a bhliots a bhuachaint.