Gaelcholáiste Chomáin Ros Dumhach is an all-Irish speaking secondary school situated in the heartland of the Erris Gaeltacht, Mayo. Beatha teanga í a labhairt
Adh mór lenár scoláirí lena gcuid tairiscint CAO inniu.
Táimid uilig bródúil as sibh go léir!
Cuid de na Staitisticí eisceachtúla ó Rang na hArdteiste 2024 i nGaelcholáiste Chomáin.
Guímid gach rath ar scoláirí na hArdteiste 2024. Bhaineamar an-taitneamh as na blianta libh sa scoil. D’oibrigh sibh go dícheallach agus go díograiseach i gcónaí. Aireoimid uainne sibh. Guímid gach rath oraibh don todhchaí! 📚🍀🤩
📰Scéalta & Gníomhaíochtaí Nuachta na Seachtaine Seo - Meánscoil📰
💭Sliúchas i mBaile an Chinnéidigh
💭Lá Mór na Gaeilge @CnaG
💭Tairgí don Fhuil Mhíosta
💭Gaeil ar son Gaza
Ar fáil anseo: https://t.co/qTZSjNCW5n
Thug an dara bliain cuairt ar an suíomh Vermilion inniu. Chonaic siad an plean bithéagsúlachta ag obair ar na bogaigh ansin. Bhain siad an-sult as an gcuairt, go mór mór as an mbia deas!
Folúntas
Tá iarratais á lorg againn don Fholúntas Poist : Rúnaí Ionadaí i nGaelcholáiste Chomáin suas go dtí 1/09/2024
Spriocdháta an Iarratais ná 8ú Márta 2024 ag meán lae 12:00
Úsáid an nasc le haghaidh tuilleadh eolais.
https://t.co/F2aeMtKdwk
Folúntas / Vacancy
Tá Muintearas Teo ag cuartú duine le dul i mbun oibre mar Chúntóir Teanga i nGaelcholáiste Chomáin, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo. Is post páirt-aimseartha é seo, 6 uair an chlog sa tseachtain suas go dtí an 31/05/2024
Sprioc: 5.00i.n. Dé hAoine 15ú Márta 2024.
Tús maith le Seachtain na Gaeilge agus muidne ag breathnú ar scannán Gaeilge ”Tarrac”.
Míle buíochas le hÁras Inis Gluaire as cuireadh a thabhairt dúinne. Bhaineamar an-sult as!
#GCRGaeilgeTharBarr
Bhain na scoláirí sult as turas coisíochta treoraithe timpeall na cathrach inné, agus bhí seans acu cuairt a thabhairt ar an mbaisleach cháiliúil La Sagrada Família. Míle buíochas le Máistir MacCabhail agus Teresa NicAindriú a d'imigh leo ar an turas. ¡Viva España! 🇪🇸
Roinnt grianghraif do scoláirí na hIdirbhliana agus na Cúigiú Bliana ar thuras scoile go dtí Barcelona an tseachtain seo. Tá siad ag baint taitnimh as an dea-aimsir agus cultúr na Spáinne gan dabht! 🌞🇪🇸
Beannachtaí na Féile Bríde oraibh! Seo roinnt grianghraif d'ár scoláirí ag déanamh Crois Naomh Bríde. Míle buíochas le Máistir Philibín as ucht an gníomhaíocht seo a eagrú dóibh.
Tháinig Sibeál chun ceardlann Seó Bóthair @CnaG a chur i láthair d'ár scoláirí sa chúigiú bliain & sa tríú bliain. Rinne sí plé ar na háiteanna ar féidir leo an Ghaeilge a úsáid, faoina gcearta teanga, faoi na deiseanna fostaíochta, & cúrsaí tríú leibhéal atá ar fáil.
Gabhaimid buíochas le Dean ó @Gaelbhratach10 a thug cuairt ar ár gCoiste Gaeilge maidin inné. Táimid thar a bheith buíoch as ucht a chomhairle agus a threoir. #GCRGaeilgeTharBarr
Rinne scoláirí na chéad bhliana Comórtas Mata inné. Is comórtas Matamaitice é seo do scoláirí, atá curtha ar fáil ag Cumann Oidí Matamaitice na hÉireann. Tá go leor ceisteanna spreagúla sa chomórtas seo, a chuireann béim ar scileanna réitithe fadhbanna Matamaiticiúla