Tá áthas orainn a fhógairt go mbeimid ag filleadh ar Óstán an Old Ground in Inis do Scoil Gheimhridh Merriman 2026, An Gúm @ Céad: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge". An 23-26 Eanáir 2026 is ea dátaí na Scoile agus tá eolas faoi na socruithe ar an suíomh.
Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis agus leis na cainteoirí, na baill choiste agus chumainn agus an lucht féachana ar fad a chuir go mór leis an deireadh seachtaine. #scoilmerriman2026#gaeilge#angúm@100
An deireadh seachtaine beagnach críochnaithe a chairde, agus tá Muiris Ó Raghallaigh linn arís chun clabhsúr a chur leis an scoil leis an gcaint Léargas Físiúil ar Ghnéithe de Shaothair An Ghúim.
Seosamh Ó Murchú in éineacht le Máire Ní Neachtain ag tabhairt sciuirde trí na saothair a d'fhoilsigh an Gúm ó na luathbhlianta ar aghaidh.
#scoilmerriman2026#gaeilge
Caint ghrinn éirimiúil thaitneamhach tugtha ag Pádraig Ó Mianáin in Ó leathanaigh chlóite go leathanach baile: Éabhlóid na foclóireachta i ré an Ghúim. Léargas iontach ar éabhlóid cheird na foclóireachta Gaeilge ó 1926 go dtí an lá atá inn ann. #scoilmerriman2026#gaeilge
Ár gcomhleacaí, Brian Ó Dálaigh, cisteoir Chumann Merriman, ag tabhairt cainte ar scríbhneoirí Gaeilge an Chláir i Leabharlann Phoiblí De Valera. Caint iontach cuimsitheach agus suimiúil. Eagraíodh an t-imeacht seo i bpáirt le Leabharlann Chontae an Chláir.
Go raibh maith agaibh agus ag gach cainteoir as a bheith inár láthair. Ná dearmadaigí go mbeidh turas ar Leabharlann na hInse ag a 2 i.n. ina mbeidh Caint agus Taispeántas ar Údair ó Chontae an Chláir #siompóisiamtomredshaw#scoilmerriman2026#gaeilge
Léargas iontach suimiúil ansin a Antain, agus léiriú iontach ar thábhacht an aistriúcháin do litríocht na Gaeilge le linn luathbhlianta An Ghúim. Leis an gcaint sin, tá Siompóisiam an Ollaimh Tom Redshaw ag teacht chun deireadh.
Go raibh maith agat as ucht do chainte breá eolasaí ansin a Bhreandáin. Anois, beimid ag éisteacht le hAntain Mag Shamhráin agus ag labhairt mar gheall ar Gnéithe d’aistriúchán an Ghúim sna blianta tosaigh #siompóisiamtomredshaw#scoilmerriman2026#gaeilge
A chairde, tá súil agam go bhfuil cúrsaí go maith libh is gur bhain sibh taitneamh as imeachtaí na hoíche aréir. Beimid ag tosú leis an siompóisiam ar maidin. I dtosach, beidh Caoimhe Nic Lochlainn ag tabhairt cainte ar Mná an Ghúim: Scéalta Ceilte sa Chartlann
Caint bhreá lán léargais ansin, a Chaoimhe. An chéad chainteoir eile atá linn ná Breandán Ó hUallacháin a bheas ag tarraingt ar ábhar ón gCartlann an Ghúim freisin ina chaint: Comhfhreagras an Ghúim i gcomhaid oideachais sa Chartlann Náisiúnta #scoilmerriman2026#gaeilge
Gearóidín Uí Laighléis agus Muiris Ó Raghallaigh i mbun allagair anois lenár gcomhghleacaí Síle Ní Choincheannain ar Luathbhlianta An Ghúim #scoilmerriman2026#gaeilge
Domhnall Ó Loingsigh, rúnaí An Clár as Gaeilge agus láithreoir raidió ar Clare FM, atá ag oscailt na Scoile anocht.
Tá an-tacaíocht tugtha ag An Clár as Gaeilge, agus ag Domhnall go háirithe, do Scoil Merriman 2026.
@ClarasGaeilge
Meabhrú beag go mbeidh Scoil Gheimhridh Merriman 2026 ar siúl an deireadh seachtaine seo, ón 23-25 Eanáir. Tá an clár ar fáíl anseo
https://t.co/bd5bFz6FNp
Is féidir ticéad a cheannach ar eventbrite nó ag an deasc.
https://t.co/TTtRONEknl
Ná dearmadaigí gur féidir ticéid deireadh seachtaine a cheannach ar eventbrite: https://t.co/kHL62yIfBC
Is féidir ticéid deireadh seachtaine agus d'imeachtaí aonair a fháil ag an deasc freisin.
A Chairde, Tá Clár Scoil Gheimhridh Merriman 2026, An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge, ar fáil anois. Mar a fheicfidh sibh, tá sé lán go barra le cainteanna léannta, tathagacha a bhfuil ábhar suime do gach duine iontu.
Beidh an Scoil ar siúl in Óstán an Old Ground, Inis, Co. an Chláir ón 23-25 Eanáir.
Tá tuilleadh eolais faoi lóistín agus táillí ar shuíomh idirlín na scoile:
https://t.co/bd5bFz7dCX
A Chairde, tá an leathanach Eventbrite ar oscailt anois do thicéid deireadh seachtaine Scoil Merriman 2026 - An Gúm @ 100: Fís, Friotal agus Foilsitheoireacht na Gaeilge. Gheobhaidh tú gach eolas i dtaobh na scoile ar an leathanach eventbrite seo:
https://t.co/kHL62yIfBC