Tá an scoil ag cur iar-bhunoideachas lán-Ghaeilge ar fáil do phobal Chorca Dhuibhne.
The school provides a Post Primary Education through the medium of Irish.
Seachtain Feasachta Coláiste
Bhí an chéad agus an dara bhliain i mbun fiosrúchán gairme inné agus ag imirt cluichí gairme chomh maith. D’fhoghlaim an idirbhliain fé Phrintísigh agus bhí caint ag cleas na hArdteiste HEAR and DARE.
Cork Pops
Bhí lá iontach ag Bliain a haon inné i Halla na Cathrach i gCorcaigh ag ceolchoirm Cork Pops. Ceolchoirm le ceolfhoireann agus amhránaithe den chéad scoth a bhí ann agus bhain na daltaí ana thaitneamh go deo as. Nach deas an nós é do dhaltaí na chéad bliana!
Oíche thar Oíche!
Oíche thar Oíche sa scoil ag an Idirbhliain ar mhaithe le Focus Ireland. Ní raibh aon ghá gan dul a chodladh ach dhein na daltaí ana iarracht ar fad fanacht dúistithe ar feadh na hoíche! Mo ghraidhn iad na múinteoirí bochta!
Éachtaí le Ceiliúradh!
Ghlac scoláirí na cúigú bliana sos ón staidéar chun ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a bhaineadar amach sa tSraith Shóisearach. Bronnadh teastaisí Próifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí ar na scoláirí. Maith sibh!
Rince ar Ardán Domhanda
Táimid ana bhródúil as ár ndaltaí Niamh Ní Shé agus Emily de Liostún a ghlac páirt i gcomórtas rince domhanda, Danceworld 2026. Is le grúpa rince ó scoil rince Tara Dore a bhaineadar an t-aonú áit déag amach. Comhghairdeas libh beirt. Éacht iontach!
Seachtain Feasachta Coláiste
Bhí deis ag na daltaí éisteacht le cainteanna iontacha inniu mar thús le Seachtain Feasachta Teanga. Táimid ana bhuíoch dos na haoichainteoirí iontacha, Aisling Conlon agus Matthew Mannion a thug ana léargas dos na daltaí ar chúrsaí ollscoile.
Ceol na n-Óg!
Bhí ceoltóirí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ar an Saol ó Dheas le déanaí , ag labhairt go bródúil féna ngrúpa ceoil traidisiúnta agus fén ngrá atá acu don gceol Gaelach. Is fé stiúir @tuismitheoirí a bhíonn na ceoltóirí seo. Comhghairdeas leo!
Fáinne Draíochta - Seachtain na hEolaíochta!
Bhí neart iontais is spraoi sa tsaotharlann le linn Seachtain na hEolaíochta. Thug daltaí na hIdirbhliana deis do dhaltaí na dara bliana triail a bhaint as an dturgnamh Fáinne Draíochta, ag foghlaim óna chéile, lena chéile!
Seachtain Feasachta Coláiste
Beidh Seachtain Feasachta Coláiste á ceiliúradh againn an tseachtain seo chugainn. Beidh deis iontach ag na daltaí tuilleadh a fhoghlaim fé na roghanna atá ar fáil dóibh tar éis na hArdteiste fé chúrsaí tríú leibhéal agus fé na deiseanna éagsúla.
“Bain triail as Galf”
Buíochas le Galfchumann Cheann Sibéal agus go háirithe le Brian Ó Conchúir agus Tom Hoare as an deis seo a thabhairt d’ár ndaltaí Idirbhliana aríst i mbliana. Bhí ana lá acu!
Tráth na gCeist Eolaíochta
D’eagraigh Coiste Eolaíochta na hIdirbhliana comórtas Tráth na gCeist do dhaltaí na dara bliana le déanaí. D’éirigh go hiontach leo agus táimid ana bhródúil astu!
Ceol na nDaltaí i gCroílár an Oireachtais
Comhghairdeas lenár ndaltaí, Deiric de Gailí, Ruairí Ó hUanacháin agus Diarmuid Ó Dubhaigh a bhí i mbun ceoil don Uachtarán, Catherine Connolly ag an Oireachtas i gCill Áirne le déanaí. Lá bródúil don scoil!
Seachtain Seasamh an Fhóid
Sheas foireann na Pobalscoile le chéile do Seachtain Seasamh an Fhóid, feachtas do dhaoine LGBTQ+. Léiríomar gur scoil fháilteach sinn agus go seasaimid le chéile.
Ceiliúradh an Oireachtais 2026
Tréaslaímid leis na daltaí a ghlac páirt in Oireachtas na Samhna i gCill Áirne an deireadh seachtaine seo caite. Táimid ana bhródúil astu go léir. Comhghairdeas le Ellie Ní Shé a bhuaigh an dara háit sa chomórtas Amhránaíochta ar an sean-nós.
Corn Ruiséal
Corn Ruiséal tagtha chun na Pobalscoile. Táimid ana bhródúil as an bhfoireann caide iontach seo agus sinn ag súil go mór le Comórtas na Mumhan san athbhliain.
Comórtas Fichille
Tá ana chreidiúint tuilte ag foirne fichille na scoile a ghlac páirt i gcomórtas an Chontae le déanaí i Meánscoil na mBráithre, Trá Lí.