😴 Duine amháin a dúirt go gcodail sí go headra! Chodlaíos amach / D’éalaigh an mhaidin orm – an dá cheann seo inghlactha chomh maith! Raghfá isteach sa tsúisín trathnóna – an leaba! 🛌
Gas fir nó planda fir– fear breá laidir. Seanphlandaí na seanóirí dar le Frances. Plíoma fir is ea an fear láidir leis, plíomaire is ea an fear breá ard dathúil. An leasainm Seáinín an Phlíomaire sa cheantar! Fear luaimneach luaite san amhrán Mo Ghiolla Mear, fear lúfar é sin
1/2 Caint ansin ar thalamh scóir, ar phúnáiste agus ar laethanta dualgaise! Talamh a thógtaí ar cíos chun go gcuirfí barraí ann is ea an talamh scóir. Iadsan ná raibh talamh acu ba mhinicí a thógtaí an talamh ar cíos.
Coirce na bhFaoillid – sin coirce a chuirtear i mí Feabhra, ní maith. – “Coirce na bhFaoillid, is leis nár luadh an mhin.�� Ní bheadh aon toradh air. Coirce na cuaiche a chuirtear i mí na Márta, is maith!
🥣🌾
Ana-chaint ar an sprionlóir nó an duine atá ceachartha. – Tá sé gairid dó fhéin! Ní bhfaigheadh duine deoch uisce na n-ubh uaidh! Ní fiú cur isteach ar an nduine sin toisc a cheachartha is atá sé.
Má tá fuadar fút nó má tánn tú ar do chroí dícheall chun rud éigin a thabhairt
chun críche tánn tú ar séirse. Tá tagairt sa bhfilíocht don londubh agus don chéirseach a bheith ar séirse – ag celiúradh lena gcuid ceoil. D’fhéadfadh duine
a bheith ag obair ar séirse!
Seachtain go leith le hiarratas a dhéanamh ar an bpost mar OPT i gCiarraí Thiar! Cuirfear painéal le chéile d’iarrthóirí chun folúntais amach anseo a líonadh. Scaip an scéal!
🥧🍞🫖 Blaiseadh bia ar an mbord os ár gcomhair amach ag Allagar na hAoine agus é dea-bhlasta!
‘Bail ó Dhia ar do ghoile’ a déarfaí le duine a bhainfeadh súp as a gcuirtí os a chomhair amach.
‘As a bhlaiseadh is fearr é’– an chomhairle a chuirtí ar dhuine maidir le cúrsaí bídh.
🥛🍼🐄
‘Ta an bainne sin iontaithe’ – tá sé fachta géar. Ní mór súil ghéar a bheith againn ar na dátaí ar phacáiste bia, ar eagla an bia istigh a bheith iontaithe.
A chairde 👀
Tá Allagar na hAoine thar n-ais ar an gcóras giolcaireachta... nó X mar is fearr aithne anois air (ach, an bhfuil aon X sa Ghaelainn?).
Beidh cuid d'ábhar na seachtaine a phléitear ag Allagar na hAoine á roinnt againn anseo.
Fáilte roim thuairimí srl. 📚
A Chairde Gael, tá stáir ann o bhíomar ar líne go deireanach, maith dúinn é. Seo físeán de Toose ag déanamh cur síos ar aibítear na Gaoluinne.
Níl ann ach blaiseadh beag - tá a thuilleadh le teacht!
Buíochas do Charol Blennerhasset. https://t.co/oBWVAyzw09
@GleesonEibhlin Is diail an samoineamh é sin a Eibhlín! Nár laga Dia thú. Éisteoidh mé siar leis na cláracha agus déanfad iarracht é sin a dhéanamh go gairid.
Beannacht Dé le hanam Tom Neilí Ó Mainnín: fear seanchais, scéalaíochta agus amhrán.
Seo píosa gleoite a dhein sé linn fén léamh a bheadh agat ar dhuine de réir mar a chaitheadh sé a chaipín. #CorcaDhuibhne
https://t.co/lcSvrKGNpW