Tá cuntas Bluesky curtha ar bun agam (https://t.co/5Cb3tokaVD) agus bead á úsáid in ionad Twitter amach anseo. Beam ag caint ansan daoibh siúd a bheidh ann! ✌🏽
@GlornanGael Míle buíochas a chairde, is mór againne agus ag pobal Chorca Dhuibhne an t-aitheantas — agus baochas aríst as comórtas chomh tairbheach tábhachtach a eagrú leis; is buaiteoirí sinn go léir a bhíonn ag obair ar son na teangan!
Onóir ollmhór Príomhdhuais Ċomórtas Náisiúnta @GlornanGael 2023 a bhuachaint i bPáirc an Ċrócaigh Dé Sathairn le Comharchumann Forbartha Ċorca Dhuibhne—spreagúil bheith i seomra lán le ceannairí pobail Ġaelainne. Pribhléid ab ea é cur le Gaeltacht Ċorca Dhuibhne le @TDhuibhne 🤩
🤩😍 Post fógartha mar Oifigeach Pleanála Teanga i dTrá Lí! Obair laethúil chun an Ghaelainn a fhorbairt i bpríomhbhaile na Ríochta. 🟢🟡
Iarrataisí fé’n 27ú MF – scaip an scéal! 🔁
@PopupgTra@TraLiLeGaeilge@GlornanGael
https://t.co/TQvFFz6SsA
@TFaddy Iad ana shásta mo phus a chaitheamh timpeall fós i m’éagmais! Braithim uaim bheith ag rith chun críche na hoibre ní mór a rá… bhailigh brobh beart pé scéal! 💪🏾
Ráithe curtha díom san ardchathair agus ag baint ana shúp as! Deas a bheith ag cur leis an nGaelainn in @ucddublin le @ucdgaeltacht ⁊ bualadh le daoine nua (agus le seanachairde!) chomh maith céanna.
🙋♂️Rannpháirtithe do Ghrúpaí Fócais á lorg! 🙋♀️
Ar mhaith leat a bheith páirteach i ngrúpa fócais ar an bpleanáil teanga? Bí i dteangamháil liom!
[Daoine a mhaireann in áiteanna ina bhfuil pleanáil teanga ar bun (Gaeltacht, Baile Seribhíse Gaeltachta, Líonra)]. Baoch as aon RT!