Tá páistí agus daoine óga ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a bheith in ann í a labhairt!
Féach alt nua foilsithe le @patjburke & Aisling Ní Dhiorbháin @sealbhu inniu
@DCU@DCU_IoE@CoggOid@CnaG
https://t.co/IsP8HOYgCO
Agus tá áthas an domhain orainne in DCU fáilte a chur roimh Laoighseach Ni Choistealbha a bheas linn mar scríbhneoir cónaithe- tá muid ag dúil go mór le bheith ag obair leat, a Laoighseach!
Pacáistí foghlama nuadheartha ar fáil le híoslódáil anois ar na dánta a leanas:
'Glaoch Abhaile' le hÁine Ní Ghlinn
'Dínit an Bhróin' le Máirtín Ó Direáin
-nótaí, anailís, ceisteanna samplacha 'is gníomhaíochtaí do scoláirí Ardteiste
👉 Íoslódáil ó https://t.co/ZXD1tHLqPF
Tá FSG an-bhródúil as an Dr Dara de Poir ar bronnadh duais dhá thráchtas PhD air ag Cruinniú Mullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa (EAFT)le déanaí. Comhghairdeas ó chroí leat, agus le do siúrthóirí an Dr Caoimhe Nic Lochlainn, an Dr Cóilín Ó Floinn & an Dr Seán Mac Risteaird
Irisleabhar Mhá Nuad 2025 díreach tagtha ó na clódóirí 👏🏻🍾 comhghairdeas (agus buíochas ó chroí) leis na scríbhneoirí a chuir ábhar ar fáil. Seolfar é Déardaoin 11 Nollaig i seomra 1.33, Iontas, Ollscoil Mhá Nuad i ndiaidh an tseimineáir roinne. Fáilte roimh chách 🙂
mír álainn ina bhfuil an Dr Caitríona Ní Chléirchín ag caint ag an siompósiam i mBéal Feirste faoi fhoréigean inscne i nua-litríocht na Gaeilge. Treise leat, a Chaitríona!
Tá Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, an-bhródúil as ár gcomhghleacaí an Dr Brianán Ní Bhuachalla ar bronnadh an chéim PhD uirthi inné i gColáiste na Trionóide Comhghairdeas ó chroí, a Bhrianán- muid ag dúil leis an leabhar anois!
Is file, criticeoir agus léachtóir í Caitríona Ní Chléirchín. Is as Gort na Móna, Scairbh na gCaorach, Co. Mhuineacháin ó dhúchas í. Tá ceithre leabhar filíochta foilsithe aici. D’fhoilsigh Éabhlóid Rince Aeir (2024) léi le déanaí.
Comhghairdeas ó chroí lenár gcomhghleacaí an Dr Seán Mac Risteaird agus leis an Dr Síobhra Aiken (Ollscoil na Ríona) as an Siompóisiam ar an Fhoréigean Inscne i Léann na Gaeilge a eagrú i mBéal Feirste le déanaí.
A mhúinteoirí iarbhunscoile na Gaeilge,
Ba mhaith linn tacú le múinteoirí modhanna aistriúcháin closamhairc a úsáid mar thasc foghlama sa rang. Ar mhiste libh an ceistneoir Erasmus+ a chomhlánú le bhur dtoil?
https://t.co/pDBNj1KrPl
@DCU@CoggOid@Gaeloid
Dara Calleary @daracalleary TD, @DeptRCDG, this week launched three major initiatives at DCU that will significantly advance Ireland’s Irish-language digital infrastructure and the country’s capacity to navigate artificial intelligence in education.
Read: https://t.co/3CQ8gf6uiC
Ba mhór an pléisiúr domsa fáilte a chur roimh an Aire Dara Calleary go DCU inniu áit ar fhógair sé trí thionscnamh shuntasacha a neartóidh bonneagar digiteach na Gaeilge agus a chuirfidh le cumas an chóras oideachais plé leis an intleacht shaorga.
How can literature challenge the roots of violence against women? Join Irish-language writers and scholars at Cultúrlann McAdam Ó Fiaich on 25 November 2025 for International Day for the Elimination of Violence Against Women.
Cén tsúil eile a thugann an Ghaeilge dúinn ar an fhoréigean inscne? Bígí linn i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 25 Samhain don Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan.
🗓️25 November 2025 | Cultúrlann McAdam Ó Fiaich | 9:00am-3:30pm
@qub_gaeilge@qub_ael@siobhra@seanmacrist @LNiChoistealbha
Comhghairdeas ó chroí le IMRAM. D'fhreastail mic léinn BED, BA, BAGG agus BEDLAN ar Gile na Gile in Smock Alley aréir. Seó den scoth. Bhain muid ar fad an-shult as! (agus as an Pizza roimh ré!)