An sciorradh portaigh is déanaí, tharla sé in áit ar a dtugtar 'An Mhín Bhog', mar ar tógadh muilte gaoithe. Bhí leid san ainm, mar a déarfá. @logainm_ie, @placenamesni
https://t.co/7q8hXNNVs3
@ReadoutSignpost@CoggOid@Larionad@ForasnaGaeilge @AcadamhOEG @CnaG@Neilcomer@gaois_ie@ReadoutSignpost Is ea, ba chóir comhlachtaí Stáit a ainmniú i nGaeilge an chéad lá riamh. Ach ní mar sin atá. An méid díobh atá ann (Dúchas, Bord na Móna srl.) ní gnách iad a aistriú ach an t-ainm Gaeilge a úsáid i gcónaí. Is bocht an ceacht aistriúcháin a dhéanfadh sin.
“Tá dúshláin áirithe ag baint le hainmneacha eagraíochtaí a aistriú go Gaeilge.” Plé agus cleachtadh ar na dúshláin sin sa chleachtadh is déanaí in 'Ó Bhéarla go Gaeilge' ar https://t.co/xZfKM739Tb
@Larionad, @ForasnaGaeilge, @AcadamhOEG,
@CnaG, @Neilcomer, @gaois_ie
@aherself@focloir_ie Is breá liom an míniú ar CINNIRE in FGB: 'Person leading an animal by the head...' Ní raibh post agam riamh i gcoláiste samhraidh ach...
Is breá liom mar atá aitheantas á thabhairt ag @focloir_ie d'fhocail atá láidir sa chaint ach nár tugadh i bhfoclóirí eile (nó a tugadh mar leaganacha malartacha). Leithéidí 'cinnire'.
'Functional in nature', 'greater in size', 'advance notice', 'close proximity'. Cad é ba cheart don aistritheoir Gaeilge a dhéanamh lena leithéid de fhriotal folamh? Cleachtadh aistriúcháin nua ar https://t.co/xZfKM739Tb (Cleachtadh 29)
Is minic a úsáidtear ANUAS AIR SIN sa chiall ‘lena chois sin’ nó ‘chomh maith leis sin'. Le déanaí a tháinig an úsáid sin chun cinn. Is deacair a rá go bhfuil sé ag líonadh bearna sa Ghaeilge nuair atá a oiread sin leaganacha seanbhunaithe ann cheana. Cad a cheapann sibh féin de?
Comhairle Liam Ui Rinn do scribhneoiri Gaeilge: 'Dá theirce iad lucht na Gaeilge is líonmhaire go mór na tíoránaigh ina measc. Aon uair is eagal leat focal nó abairt a úsáid toisc gur dóigh leat go mbeadh a leithéid seo de thíoránach ag fonóid fút, scríobh é mar staincín air.'
Ócáid thar a bheith spéisiúil le haghaidh Lá Eorpach na dTeangacha, 26 MF: ‘Ár nOidhreacht Teanga: Inné agus Amárach’. Gnéithe de chultúr na Gaeilge faoi chaibidil ag Deirdre Nic Chárthaigh, Lillis Ó Laoire agus Alan Titley. https://t.co/Go4gUVB9kB