Ní fhéadfaimis a bheith níos bródúla as Bliain 6 2026 agus iad ag ceiliúradh oíche a mbronnadh aréir 💫 Bhí sé mar onór dúinn sibh a fheiceáil ag fás thar bhur dtréimhse ama linn, go n-éiri go geal libh ar fad! 💚♥️💚 #meas#bród#comhar#Teamddletb@ddletb
Bhí atmaisféar álainn le brath sa scoil an tseachtain seo caite agus Seachtain na Folláine á cheiliúradh againn! Chríochnaigh an tseachtain le Lá Spóirt Dé hAoine, bhí spórt agus spraoi ag gach éinne 💚❤️💚 #meas#bród#comhar#Teamddletb@ddletb
Comhghairdeas leis an bhfoireann sacar Bl 1, a bhfuair bua iontach 4-1 in gcoinne Coláiste na Toirbhirte,Tír an Iúir sa chraobh Baile Átha Cliath Thiar inniu! Bualadh bos libh uilig, is seaimpíní ceart sibh 👏👏❤️💚 #meas#bród#comhar#Teamddletb@ddletb
Bhí lúcháir orainn fáilte a chur roimh dhaltaí Rang 4 agus 5 ó Scoil Santain, Scoil Chaitlín Maude agus Gaelscoil na Giúise an Déardaoin seo caite! Bhaineadar triail as neart imeachtaí éagsúla ar nós Ealaín, Eac Bhaile, Adhmadóireacht agus Drámaíocht.
Comhghairdeas leis na mbuachaillí F14.5 a bhfuair bua iontach 6-7 go 2-11 sa pheil in aghaidh @KylemoreCollege an Aoine seo caite! Ar aghaidh leo go dtí an chraobh anois 👊💚❤️ #meas#bród#comhar#Teamddletb@ddletb
A leithéid d’ócáid a bhí againn oíche Déardaoin agus daltaí na hidirbhliana ag tabhairt High School Musical chun na stáitse! Ní bhféadfaimis a bheith níos bródúla as gach uile dalta a ghlac páirt, agus is cinnte go mairfidh an oíche go deo ina gcuimhneacháin.
Bhí an-lá ag daltaí Bl 5 agus 6 ag Fís inniu, ag foghlaim faoi deiseanna ghairmiúla trí Ghaeilge! Comhghairdeas le Saoirse agus Eibhlín Bl 5, a bhí ansin ag labhairt faoi ‘Na Doirse Oscailte’ 👏👏 A leithéid de lá a bhí ann ag déanamh ceiliúradh ar ár dteanga! 💚❤️💚
Comhghairdeas ó chroí lenár seisear daltaí Bl 2 a d’éirigh leo an chúrsa Scholars Ireland a chríochnú le @AccessTCD - is céimí Coláiste na Tríonóide iad anois! Bhí ceiliúradh álainn acu sa choláiste inniu, le turas chuig an leabhar Cheanannais agus lón deas.
Bhí ócáid thar a bheith speisialta againn thar an deireadh seachtaine, agus Aisteoirí Thamhlachta, ag léiriú a gcéad dráma riamh, 'Uaigneas an Ghleanna' ina mbaile nua, agus san amharclann is nua sa tír, 'An Sciobóil' ! 🎭
Buíochas le Foras na Gaeilge as an maoiniú.
Fuair daltaí Bl 2 taithí ar saol na hoibre agus iad ar cuairt chuig SUIR Engineering inné! D’fhoghlaim siad faoi leictreachas, conas píobaí a lúbadh agus BIM a úsáid. Buíochas mór as ucht cuireadh a thabhairt dúinn! 💚❤️💚 #meas#bród#comhar#Teamddletb@ddletb
Bhí cúpla lá gnóthach ag Bl 1 le déanaí - chuaigh Rang Dominic chuig Jumpzone an tseachtain seo caite, agus chuaigh na daltaí leis na pointí VSware is airde chuig Leisureplex an tseachtain seo. Bhain siad an-sult as na dturais! 💚❤️💚 #meas#bród#comhar#Teamddletb@ddletb
Mí-ádh leis na cailíní Bl 1 agus 2, a chuir sár-iarracht isteach sa cluichí cispheile a bhí acu i gcoinne Pobalscoil Baile Choimín an tseachtain seo! 💚❤️💚 #meas#bród#comhar#Teamddletb@ddletb