Chosain mé mo thráchtas dochtúireachta in Ollscoil Oulu Déardaoin! 🎓
Bhain an tionscadal taighde le toibreacha éadoimhne a úsáidtear chun uisce inólta a sholáthar san Fhionlainn, go háirithe sna réigiúin sin nach bhfuil mórán daoine ina gcónaí iontu.
Scríobh mé alt faoin bhficheall do @nosmag an lá faoi dheireadh.
Nasc thíos 👇
https://t.co/yNyr5b6nfM
An mbíonn aon duine anseo ag imirt? ♟️
Beag an baol go mbainfidh mise teideal an Ardmháistir amach, pé scéal é. Caithfidh croí leoin a bheith agat – agus níl sé agam! ❤️🦁
Scríobhann Caoimhín Ó Liatháin faoi bheith faoi orlach de ghreim cumhachtach na fichille ar líne. An gcoinneoidh sé air leis an Chluiche Iodálach nó an bhfanfaidh na fir fichille socair go ceann tamall eile?
Léigh thíos👇
https://t.co/JY6ASanSfC
"Tá súil le béal an chuain ach níl súil le béal na huaighe."
"One can expect (wait) at the harbour mouth, but not at the edge of a grave. / One keeps an eye on the harbour mouth, but not on the edge of a grave."
Tuigim an chiall, ach an bhfuil na haistriúcháin sin thuas cruinn?
"An cóngar chun an bhia is an timpeall chun na hoibre."
Cad é is ciall leis seo? An bhfuil an cainteoir ag rá go mbíonn leisce ag gach duine (nó duine faoi leith) dul ag obair, ach nach mbíonn leisce orthu ithe? Nó gur cheart do dhaoine a saol a caitheamh mar sin, nó cad é?
Ar chuala sibh go bhfuil Usain Bolt tar éis post mór a fháil leis an gclár '7 Lá' ar TG4?
Chuir sin iontas ar go leor daoine, ach ní ormsa.
Nach bhfuil a shaol ar fad caite aige ag plé le cúrsaí reatha!
#seanjócnua
Tá bliain iomlán imithe, nach mór, ó bhí eagrán nua den phodchraoladh iontach sin #whatthefocal againn. 😢 Braithim uaim é. Podchraoladh den scoth a bhí ann, agus gach gné de ar ardchaighdeán. Éist leis, murar éist tú cheana. Tá 10 n-eagrán ar SoundCloud. https://t.co/5i2jZ65Eqv
Le do thoil, lig do @MiseCiara sraith eile den bpodchraoladh #whatthefocal a dhéanamh amach anseo! @ForasnaGaeilge@focloir_ie @raidionalife Bhí sraith a 1 chomh taitneamhach agus úsáideach, agus tá neart saoithíní ann nár cuireadh faoi agallamh fós! https://t.co/5i2jZ65Eqv