Top Tweets for #OCadhain50
DÍBIR: Chaith siad sin a saol ag cur díbirt agus fáin ar dhaoine bochta, agus tá na préacháin ag déanamh neadracha sna simléir acu féin anois. Más feall fillfear... #OCadhain50 #FoclóirUíChadhain
"Caitheadh an sicín anoir thar an gclaí le m'ais agus í dícheannta. Nár fhága mé seo mura raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaí. 'Coinneoidh mise feoil libhse,' adeir sé 'mura gcoinní sibhse bhur gcuid cearc uaimse.'" Comharsa chonfach! #OCadhain50 #FlashFiction
DOMHAIN: 'Má théann an cailín sin domhain sa gcnáimh aige, gheobhaidh sé fuílleach le déanamh agus a cur as a chrioslaigh' #OCadhain50 #FoclóirUíChadhain
DIAIDH: 'Is maith an dícheall do na daoine a bheith i ndiaidh a chéile chor ar bith agus an aimsir a bhí ann le fada. Tá chuile dhuine ag fuasaoid slaghdáin, agus má tá féin is beag an dochar dóibh. B'uair mhínádúrtha í. Níor thada eile í.' #OCadhain50
DÉAN: 'Déanann sé lá an-mhoch anois. Is ar éigean a dhúnas an oíche chor ar bith. Ní bhíonn sé ach dorcha nó go bhfáinní sé aríst' #grianstad #OCadhain50
DÉAN: 'Gheobhaidh sé rud le déanamh agus a theacht as a bhfuil air...'
− gheobhaidh sé cnámh le crinneadh; gheobhaidh sé fuílleach le déanamh; is ar a chruachúis dó; rachaidh sé rite leis; beidh sé crua aige
#OCadhain50
DÉAN ANN: 'Ní raibh aon chall maíochtála dhó, ná "déan ann" a rá leis. Rinne sé féin é gan frapa gan taca. Ní raibh aon ugach ag teastáil uaidh san am ar bhuail sé isteach ar na polláirí é...' #OCadhain50
DRABHLÁS: Céard a d'fhága ag cartadh créafóige é? D'fhága mh'anam an drabhlás, an rud a d'fhága céad fear leis amhlaidh. A bheith ró-chaifeach, róchóir, agus ag cur scolb i dteach an leanna nuair a bhí aige é a chur ina theach féin. Tá a shliocht ar a theach inniu #OCadhain50
DEA-ANNA - ainmfhocal: seal de dhea-uair; seachtain nó ceanna laethanta mar sin. 'Dhá dtugadh sé dea-anna uaidh anois, ba mhór a rachadh sé chun sochair do na daoine' #OCadhain50 #weekend ⛅️😎
DÉAN: 'Croí dhuit! Déanfaidh tú fós é!: duine a stopfadh in amhrán; duine nach mbeadh amhrán nó obair eicínt ag teacht leis, ach a bheadh ag neartú ar a mhaidí ina dhiaidh sin lena déanamh' #OCadhain50 #Gaeltacht
DEA-GHEALLADH: 'Tá siad ar a dtáirm aríst ag iarraidh bhótanna. Déanfaidh siad cat agus dhá rioball an babhta seo ach iad a dhul isteach. Ach fan go bhfaighe siad iad fhéin istigh! Dea-ghealladh: droch-chomhlíonadh. Ní tada eile é.' #togh2020 #OCadhain50
DAIGH/DÓGH: Tá an dógh ghoile sin orm le seachtain, agus má tá féin is olc an éadáil í. Níl aon-lá ó tháinic an caifí bradach sin nach mbaineann sí cupla lá sa tseachtain asam. Is furasta aithinte dhom an lá a dtiocfaidh sí: an lá a n-ólaim an caifí #OCadhain50
CLOCH-NEART: 'Meastú cé mhéad a fuair an sagart lá Nollag? Déarfainn má fuair sé céad gurb é a chloch-neart é, ach measaim go ndeacha sé rithte leis.' #OCadhain50
DINGTHE: Shílfeá go bhfuil an 'bag' dingthe. Duine eicínt a shuigh air sa mbus. Sea go siúráilte. Duine ar bith atá ag traibhléireacht mar sin aimsir na Nollag, is deacair dó rud ar bith a thabhairt slán. Bíonn busannaí agus traentachaí líonta go drad #OCadhain50
Nuair a thiocfas sí tiocfaidh sí agus ní fhéadfaidh sibhse ná aon duine eile a dhéanamh lá níos túisce. Breá nach ligfeadh sibh dá gcuid clabaireachta ansin fúithi" #OCadhain50 #Nollaig
Nuacht: Leaganacha spéisiúla cainte le teacht ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain le linn 2020 mar chomóradh ar #OCadhain50 Tuilleadh eolais anseo: https://t.co/1eKdB50DUT faoi choimirce @Focloir_RIA
Beidh fógra *speisialta* againn go luath faoi chuid den ábhar a bheidh foireann an Fhoclóra a fhoilsiú le linn 2020 mar chomóradh ar #OCadhain50 50 bliain ó d'éag Máirtín Ó Cadhain #BliainanChadhnaigh

Last Seen Hashtags on Sotwe
CaughtOnCamera
Seen from Ireland
รสนิยมแปลกๆ
Seen from Thailand
deutscheleaks() +filter:videos
Seen from Germany
อวยพรวันเกิด
Seen from United States
短剧推荐
Seen from Japan
lilyphillips
Seen from Chile
Out_of_context
Seen from United States
snapchattt
Seen from United Kingdom
操破苍穹
TOBRUT
Seen from Turkey
Most Popular Users

Elon Musk 
@elonmusk
240.8M followers

Barack Obama 
@barackobama
118.7M followers

Cristiano Ronaldo 
@cristiano
114.5M followers

Donald J. Trump 
@realdonaldtrump
111.9M followers

Narendra Modi 
@narendramodi
107M followers

Rihanna 
@rihanna
98.7M followers

NASA 
@nasa
92.3M followers

Justin Bieber 
@justinbieber
91.8M followers

KATY PERRY 
@katyperry
90M followers

Taylor Swift 
@taylorswift13
84M followers

Lady Gaga 
@ladygaga
75.5M followers

Virat Kohli 
@imvkohli
73.4M followers

Kim Kardashian 
@kimkardashian
70.8M followers

YouTube 
@youtube
68.7M followers

Neymar Jr 
@neymarjr
66.4M followers

Bill Gates 
@billgates
65.2M followers

Selena Gomez 
@selenagomez
63.1M followers

The Ellen Show
@theellenshow
62.2M followers

CNN 
@cnn
61.7M followers

X 
@x
60.6M followers

