Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaisceart - Coiste deonach i mbun pleanála teanga i gceantair Ghaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir.
Féile mór ar siúl ar an chreag i lár na farraige an deireadh seachtaine seo chugainn. Tá an féile tiománta in omós do Jimí Mhairí Bhillí Ó Dubhgáin - duine de amhránaithe móra an oileáin. Tá clár ar dóigh eagraithe arís i mbliana agus é le feiceáil thíos. Ná cailligí amach air!
Aoi na hAoine - Hannah Ní Dhomhnaill
Hannah Ní Dhomhnaill as Fál Carrach ó dhúchas a fuair post mar tuairisceoir le Nuacht Cúla 4 ar na mallaibh. Sa phictiúr thíos, déanann sí cur síos ar roinnt do na suimeanna atá aici sa tsaol.
#DúnnanGall#Gaeilge#SeoíanGhaeltacht
Comhghairdeas mór le foireann Dhún na nGall agus go háirithe le fir Ghaoth Dobhair a bhain Craobh Uladh ag an deireadh seachtaine. Tá muid chomh brodúil asaibh ar fad!
#DunnanGall#Gaeilge#SeoíanGhaeltacht
Tá lúchair orainn a bheith ábalta tacaíocht a chur ar fáil do thionscnamh suimiúil atá ar siúl ag an ealaíontóir Maria Gasol 'Rua agus brodúil as' ag déanamh ceiliúradh ar ghruaig rua. Cúpla imeacht suimiúil aici mar pháirt don tionscnamh sna míonna amach romhainn.
Tá lúchair orainn a bheith ábalta tacú agus comhoibriú le Pobalscoil Ghaoth Dobhair le roinnt comórtais agus imeachtaí difriúla atá ar siúl acu mar pháirt do Sheachtain na Gaeilge. Mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile!
#DúnnanGall#Gaeilge#SeoíanGhaeltacht
Aoi na hAoine - Darren Ó Dubhgáin
Darren Ó Dubhgáin as Gort an Choirce ach a bhfuil bunadh aige ar Oileán Thoraí. Bíonn sé ag obair mar láithreoir agus iriseoir spóirt ach faoi láthair, tá sé ag taisteal timpeall na cruinne agus ag baint sult mhór as!
Bhí lúchair orainn tráth na gceist a dhéanamh i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ar maidin inniu le daltaí ón 1ú - 3ú bhliain. Buíochas tuillte ag an Phobalscoil agus go háirithe leis an múinteoir Danny Ó Curráin a chuidigh linn an tráth na gceist a eagrú agus agus a stiúradh.
Aoi na hAoine - Poilín Nic Géidigh
Póilín as Gort an Choirce atá ag obair mar dearthóir agus mar léiritheoir na laethanta seo. Faoi láthair, tá sí ag taisteal thart ar Mheiriceá Theas agus ag baint sult mhór as. Déanann sí cur síos ar roinnt do na suimeanna atá aici sa tsaol.
Tionscnamh suimiúil ar siúl ag an t-ealaíontóir Maria Gasol inár mhaith léi ceiliúradh a dhéanamh ar gruaige rua. Níos mó eolais sa phóstaeir thíos. Bígí i dteagmháil léi má tá suim agaibh ann.
#DúnnanGall#Gaeilge#SeoíanGhaeltacht
Sheas muid inniu i nGaoth Dobhair le na grúpaí go léir atá i mbun stailce fud na tíre de bharr na ngiorraithe maoinithe atá fógartha ag Foras na Gaeilge! "Ní neart go cur le chéile" ✊
#DúnnanGall#Gaeilge#SeoíanGhaeltacht
Ba mhaith linn fógra ó TG4 a roinnt go bhfuil siad ag cur fáilte roimh iarratais ó dhaoine le Gaeilge líofa ar mian leo a bheith ar Chomhairle Lucht Féachana TG4.
Tá gach eolas ar fáil ag https://t.co/XubUWqdplk
#DúnnanGall#Gaeilge#SeoíanGhaeltacht
Aoi na hAoine - Éamonn Ó Duibheannaigh
Éamonn Ó Duibheannaigh as Rann na Feirste agus Leitir Ceanainn atá ag obair mar bhainisteoir saibhreas in Zurich san Eilbhéis na laethanta seo. Déanann sé cur síos ar roinnt do na suimeanna atá aige sa tsaol sa phictiúr thíos.
Ba mhaith linn tréaslú leis an t-amhránaí cáiliúil as Dobhar i nGaoth Dobhair Enya a bhain rogha RTÉ d'albam Clasaiceach na bliana do 2024 dona halbam 'Watermark'. Comhghairdeas mór léi!
#DúnnanGall#Gaeilge#SeoíanGhaeltacht
Aoi na hAoine - Mollaí Ní Mhíocháin
Mollaí Ní Mhíocháin as Machaire Rabhartaigh atá ag obair mar mhúinteoir bunscoile na laethanta seo. Déanann sí cur síos ar na suimeanna atá aici sa tsaol sa phictiúr thíos.
#DúnnanGall#Gaeilge#SeoíanGhaeltacht
Aoi na hAoine - Jamie Ó Colla
Jamie Ó Colla as Gaoth Dobhair atá ag obair mar innealtóir suíomhe na laethanta seo. Déanann sé cur síos ar roinnt do na suimeanna atá aige sa tsaol sa phictiúr thíos.
#DúnnanGall#Gaeilge#SeoíanGhaeltacht
Cruinniú deas ag coiste MPTIT tráthnóna inné i dTeach Niall Ó Dónaill, Loch an Iúir. Míle buíochas le Eugene Mac Grianna as an áit a chur ar fáil dúinn.
#DúnnanGall#Gaeilge#SeoíanGhaeltacht
Ceol na n-Óg in Áislann Rann na Feirste Dé Sathairn beag seo an 25ú Eanair @ 7:30. Deis mhaith leis na ceoltóirí óga a fheiceáil ag léiriú a gcuid tallanna roimh chomórtas Scléip na bliana seo. Tá lúchair orainn san a bheith ábalta tacaíocht a chur ar fáil don ócáid iontach seo.