Nuacht: Leaganacha spéisiúla cainte le teacht ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain le linn 2020 mar chomóradh ar #OCadhain50 Tuilleadh eolais anseo: https://t.co/1eKdB50DUT faoi choimirce @Focloir_RIA
Diachta: "Diachta ghéar gan an Nollaig chéanna tharainn dá mba rud é a dhúnfadh a (bhur) mbéal. Níor thug sibh foras ná suaimhneas dúinn le mí ach í ina leathrann agaibh lena (bhur) mbricfeasta agus lena suipéar.
Nuair a thiocfas sí tiocfaidh sí agus ní fhéadfaidh sibhse ná aon duine eile a dhéanamh lá níos túisce. Breá nach ligfeadh sibh dá gcuid clabaireachta ansin fúithi" #OCadhain50#Nollaig
‘This is the largest and most comprehensive single text documenting how Irish was spoken in Connemara in the early 20th century’
– Máirín Nic Eoin MRIA https://t.co/HJXT3yQItD
@Focloir_RIA@OCadhain_RIA @DeptCulturelRL @Library_RIA
Ár mbuíochas arís eile le @lexiconista as cabhrú linn an t-ábhar seo a chur i láthair an phobail. Tuilleadh mór le teacht! #FoclóirUíChadhain
DEA-CHUMA, ainmfhocal:
'Níl dea-chuma ar bith ar an saol anois, an bhfeiceann tú.'
DÉAN SUAS: 'Do dhuine gaelach mar é, diabhal mé go raibh sé an-déanta suas inniu, mura luadar pósta a bheadh air. Thiocfadh dhó gurb ea freisin.' #FoclóirUíChadhain
Ní ól ar bith é an lemonade bradach sin. Bhí mé thoir ansin lá in éindí le M. B. agus J. N. Chaith mé an lá ag ól an lemonade: buidéal ar an bpionta leosan. Chuir sé DOCHT orm faoi dheireadh. Dheamhan deoir a bhí mé in ann a dhéanamh thríom síos aige. Shíl mé go raibh mé réidh.
dea-Inid
- Inid a bheadh go breá, tirim, cóiriúil nó freagrach.
'Murar phós daoine i mbliana, ná buailidís a mhilleán ar an aimsir. Dea-Inid a bhí inti.'
Níl a fhios agam ar phós mórán i mbliana ach dea-Inid a bhí inti, mo choinsias #FoclóirUíChadhain
DEARMAD: Nach diabhaltaí an dearmad a bhí anois air, agus gurb éard a thug sé abhaile i leaba kettle, teapot. Dá n-abrá leis banbh a cheannacht, séard a thabharfadh sé agat, lao #FoclóirUíChadhain
Sceitimíní orainn ar fad! Tomorrow sees the launch of Léachtaí Uí Chadhain+beidh https://t.co/jT6t18wpwl beo chomh maith céanna. Bígí linn ar 1pm amárach ag cainéal YouTube CLÓ:
https://t.co/PCXWg5RWdN as Ireland's new Irish-language publishing imprint launches its first title!
DEIS: Tá deis phósta air gan doubt ar bith, ach cá bhfaighidh sé bean? Tá sé chomh míshlachtmhar sin, ní dhá roinnt leis é, agus go saighdfí na madraí ann i dteach ar bith dá dtiocfadh sé. #FoclóirUíChadhain
DÚCHAN: Bhí mise fhoisceacht deich míle do Bhournemouth ar D Day. Is gearr a bhí muid amuigh ag obair nuair a chonaic muid an dúchan ag déanamh orainn. Báid aeir a bhí ann ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer uileag dubh leo. Má bhí ceann ann, bhí fiche míle ann #FoclóirUíChadhain
DEOIR: 'Tháinig sé amach ón misinéara agus deoir aithrí leis. Ach tá faitíos orm nach seasfaidh an aithrí i bhfad, ach a bhfeice sé aon deoir den leann dubh...' #FoclóirUíChadhain@Focloir_RIA
DEANNACHTACH: 'An gcloiseann tú an soinneán sin? Is gearr uaidh ráig anois, dar príosta is oíche dheannachtach í! Tá an t-ádh in mo chaipín nach amuigh fúithi atá mé. Fhóbair dhom a bheith scuabtha siar. Dá mbeinn, ba leis an áit thiar anocht mé...' #FoclóirUíChadhain
DÚNTA: 'Mo chreach t'uair bhreá! Breathnaigh ar na tóineannaí dubha sin thiar. An bhfeiceann tú chomh dúnta agus atá sé. Tiocfaidh sé ina bháistigh shula fheicfeas tú uair an chloig. Uair bhriste í adéarfainnse, pébrí céard adéarfas tusa.' #FoclóirUíChadhain
DÍBIR: Chaith siad sin a saol ag cur díbirt agus fáin ar dhaoine bochta, agus tá na préacháin ag déanamh neadracha sna simléir acu féin anois. Más feall fillfear... #OCadhain50#FoclóirUíChadhain
"Caitheadh an sicín anoir thar an gclaí le m'ais agus í dícheannta. Nár fhága mé seo mura raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaí. 'Coinneoidh mise feoil libhse,' adeir sé 'mura gcoinní sibhse bhur gcuid cearc uaimse.'" Comharsa chonfach! #OCadhain50#FlashFiction
Ní fhaca mé a mhacasamhail i gcaitheamh an tsaoil ariamh . . . tá scéilíní nua 'mearfhicsin' le Máirtín Ó Cadhain foilsithe den chéad uair ag @Focloir_RIA . . . Nár fhága mé seo mura bhfuil!
https://t.co/Qwl9lQM2lQ
DÁIMH (gaol no cleamhnas): 'Sin í an dáimh ghaoil nach fearrde mise mórán í. Deirimse leat má théimse ag iarraidh cloch mhine ar trust air ar maidin amárach, nach mórán maitheasa dhom a rá go bhfuil dáimh ghaoil agam leis' #FoclóirUíChadhain
DOMHAIN: 'Má théann an cailín sin domhain sa gcnáimh aige, gheobhaidh sé fuílleach le déanamh agus a cur as a chrioslaigh' #OCadhain50#FoclóirUíChadhain
D��TH: 'Diabhal an fearr dóibh ceird dhá bhfuil orthu, ná a bheith ag baint scaitheamh siamsa amach fhad is atá an óige acu. Caithfidh an óige a cóir féin a fháil agus deir siad gur deacair óige agus díth céille a scaradh ó chéile.' #ÓCadhain50