An Tionól Forbartha: Ag breathnú chun cinn is Aiseolas ó 2025. Duaiseanna le buachan!
Tá pleanáil agus ullmhúcháin tosaithe cheana féin do 2026. Roinnfear an dáta is an t-ionad libh go han-luath!
Idir an dá linn, bheadh muid an-bhuíoch díbh as aiseolas a roinnt ar TF '25 (fiú mura raibh deis agat bheith i láthair!) agus moltaí do 2026 a thabhairt tríd an shuirbhé thíos. Cuirfear gach éinne isteach i gcrannchur le dhá thicéad do TF '26 le lóistín san áireamh a bhuachan!
https://t.co/inV3sGdaBq
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil scéim phílótach ag teacht chuig na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht❗️
Tabharfaidh an scéim seo deis do naíonraí le ballraíocht iarratas a dhéanamh ar thacaíocht a fháil ó thaobh cur chun cinn an tumoideachais sa seomra ranga.
Caithfidh speisialtóir tumoideachais am sa naíonra agus tabharfaidh sé/sí aiseolas, comhairle agus moltaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge i measc na foirne agus na páistí sa naíonra.
Is scéim thacúil agus spreagúil a bheidh sa scéim nua seo, agus bunaíodh í chun béim a chur ar láidreachtaí gach naíonra, seachas laigí.
Is féidir spéis a léiriú sa scéim anseo: https://t.co/G1G6ru6TW3
🤩Folúntas le Gaeloideachas🤩
Bainisteoir Tionscadail – Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do na Luathbhlianta
Tá folúntas lánaimseartha le líonadh ag Gaeloideachas agus tá duine le tuiscint agus taithí ar an earnáil tumoideachais á lorg againn.
An spriocdháta le haghaidh foirm iarratais agus CV ná meán lae, 15 Nollaig 2025 ar ríomhphost amháin, chuig [email protected].
Cuireann Gaeloideachas seirbhísí tacaíochta ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht sna 26 contae.
Tá na sonraí ar fad maidir leis an bpost, atá maoinithe ag an Roinn Leanaí, ar fáil anseo - https://t.co/9KHi7MxF5s
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Más múinteoir iar-bhunscoile thú i nGaelcholáiste nó scoil Ghaeltachta, seans go mbeadh suim agat bheith linn dó Thionól Forbartha 2025.
- Clár spreagúil
- Deis bualadh le múinteoirí ó gach cearn den tír
- Aonach na Seastán
- ceiliúradh ar na heachtaí ar fad le linn na bliana
Más múinteoir bunscoile thú i nGaelscoil nó scoil Ghaeltachta, seo roinnt de na ceardlanna is cainteanna suimiúla a bheidh ar siúl ag Tionól Forbartha 2025! Ionadaíocht ar fáil! Dornán beag lóistín fágtha.
Gach eolas anseo: https://t.co/CZB8B9UPOy
Bhí an-lá againn inné ag Comhdháil na Luathbhlianta i Luimneach. Bhí meascán álainn ceardlann phraiticiúil spraíúil chruthaitheach ar an gclár is deis ag na hoideoirí plé lena chéile is smaointe nua a fháil dá naíonraí féin. Jab ríthábhachtach ar bun ag na hoideoirí seo.
@RailUsersIe Once again the communication of these delays is abysmal! Standing at Howth Junction and the display on Platform 3 is not working, zero info on the app, IR worker sitting in the office downstairs while everyone on the platform second guesses what is happening! Not on!!
Storm Amy
If You Have Any Issues With The Storm, or Need Assistance Please DM here with details.
We are available to assist with cooking facilities, charging points, heat etc.
#oseourcommunity
A chairde, tá nótaí teagaisc agus foghlama ar fáil le iomlán na foghlama a bhaint as an leabhar álainn seo. Déan teagmháil linn ag [email protected] leis an leabhar a cheannach agus leis na nótaí a fháil saor in aisce
@ScealtaSaolta1#arscáthachéile#gaelscolaíocht