Chríochnaíomar suas ár Seisiúin Yoga le Siobhan inniu. D’eirigh go hiontach le Naíonáin Bheaga agus iad ag dul ó neart go neart gach seachtain. @GaelscoilAU
Bhí a rang deireannach Gleacaíochta le Rody agus Martin againn inniu. Tá dul chun cinn iontach déanta ag Naíonáin Bheaga agus iad ag eirí níos láidre. @GaelscoilAU
Bhí am álainn againn inniu faoi theas na gréine , ag cur síolta. Chuireamar síolta Bláth na Gréine agus táimid sceitimíneach faoin gcéad céim eile! 🌻🌻🌻🌞🌞@GaelscoilAU
Bímid an-ghnóthach i Naíonáin Bheaga gach maidin agus muid ag obair go dian ar ár scileanna litearthachta. Tá ag eirí go hiontach leis na páistí faoi láthair. 👏👏@GaelscoilAU
Nach bhfuil an t-ádh dearg le páistí na Gaelscoile leis na hachmhainní iontacha a chuirtear ar fáil dóibh! Féach ar Naíonáin Bheaga ag baint sult as an gclóisín spraoi nua! @GaelscoilAU
I rith am súgartha bhí rudaí áille le feiceáil, idir pictiúir le teidil, rudaí á thógáil as bricí agus atmasféar spraoiúil ó bheith ag caitheamh ama le chéile. @GaelscoilAU
Bainimid an-taitneamh go deo as ár seisiúin le Pat gach Aoine! Inniu bhí na páistí ag díriú ar scileanna liathróide ; ag breith, ag caitheamh agus ag preabadh. We have great fun with Pat! @nenagheireog@GaelscoilAU
Bhí spórt is spraoi i Naíonáin Bheaga an tseachtain seo ag sortáil nithe éagsúla (sorting materials), de réir tréithe áirithe. We sorted according to colour, size and texture and learned the words mín agus garbh (smooth and rough). @GaelscoilAU