Do thuismitheoirí a chinneann a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Dea-chleachtas, acmhainní tacaíochta & spraoi, & deiseanna líonrú. Uimhir Charthanais 20051587
Buaiteoirí Comórtas dathúcháin 2022!
Conal ó Cearnaigh
Rian Bermingham
Éabha Nestor
Liam Kozarov
Aoife ó Sullivan
Donncha ó Shaughnessy
Adam Kozarov
Michael óg ó Cearnaigh
Annalise ó Shaughnessy
Willow Clifford
Duaiseanna ar an slí
#GAAGaeilge@teangati#fsmd
DÍOLTA AMACH
A chairde, tá na ticéid go léir le haghaidh an 'Seó Gaeilge' atá eagraithe ag @GlornanGael le SORCAS GERBOLA díolta. Gabhaimid leithscéal leo siúd nár éirigh leo ticéid a fháil. Tá súil againn go mbainfidh siad siúd a fuair ticéid an-sult as an lá!
#Sorcas#Gaeilge
🎪Tá Sorcas Gerbola, i gcomhar le @GlornanGael, ag cur seó #Gaeilge ar siúl ag a 11:00 ar 07/01/23. Is ar thalamh Chaisleán Bhinn Éadair a bheas an sorcas lonnaithe. Beidh páirceáil ar fáil. 🚗
🎪Tá ticéid ar fáil anseo: https://t.co/m8RDAwmLpW
Eolas: [email protected]
📻🎙 Anocht ar #FadaisFairsing ar @raidionalife óna 19.30 beidh Colm ó @CircusGerbola1 ag labhairt linn faoin sorcas agus an éagsúlacht daoine as gach cearn den domhan atá páirteach ann 🌏🎪
An-bhliain a bhí ann! Athbhliain faoi mhaise daoibh uilig, míle buíochas as an tacaíocht i 2022 agus bígí linn le haghaidh tuilleadh craic agus imeachtaí Gaeilge sa bhliain seo chugainn
Thug Daidí na Nollag cuairt ar Mhuineachán Le Gaeilge ar an deireadh seachtaine 🎅🎄 Cóisir Nollag álainn a bhí ann maidin Shathairn, le ceol agus rince, craic agus comhrá, bia agus bronntanais, a bhain gach duine idir óg agus aosta sult agus spraoi as
FOLÚNTAIS
Ar mhaith leatsa a bheith ar fhoireann Ghlór na nGael? Nó an bhfuil aithne agat ar dhuine a bheadh tiománta do chuspóirí na heagraíochta?
An spriocdháta ná an 21 Nollaig!
Gach eolas anseo: https://t.co/1v7je0V0BO
Déan teagmháil le: [email protected]#Gaeilge
🎪🎪🎪 Turas go dtí an Circus! 🎪🎪🎪
Tá Muineachán Le Gaeilge ag eagrú turais go dtí an sorcas Gaeilge, Sorcas Gerbola, Dé Sathairn 07/01/23. Ar chostas €5 an duine don lá ar fad, tá fáilte roimh chách ach go háirithe teaghlaigh agus baill na gclubanna óige. Cláraigh roimh ré!
Scannáin Ghaeilge ar @TG4TV@Cula4_TG4 ar na laetha amach anseo:
22/12 Abominable 5.20pm
24/12 Curious George Spraoi na Nollaig 8am
24/12 Playmobil film 3pm
25/12 Junglebeat 10am
Abominable 2.45pm
26/12 Hotel Transylvania 1.50pm
Seans go mbeidh tuilleadh @tuaisdnag @LionraLC
Tá sceitimíní orm!!!✨
Beidh geamaireacht na Nollag ar ais arís i nGaillimh i mbliana le “Fionn & an Bradán Feasa”
Beidh sé ar stáitse na Taibheirce ón 7-17ú Nollaig @AnTaibhdhearc
🎟Fáigh do thicéad anois
https://t.co/KTnzZ1IAXt
Ná cáiligí amach
#gaeilge#SíanNollaigÍ
COMHRÁ SA CHARR
Sraith cláir raidió nua beartaithe.
Ag lorg teaghlaigh le Gaeilge & páistí i rang 3 nó 4 acu chun a bheith páirteach. Gach eolas thíos. Cláraigh le [email protected] má tá cónaí ort sa cheantar cuí.
Puzail na seachtaine seo a chairde - ar féidir libh iad a réiteach? Tá an chéad cheann réitithe mar shampla, mar is gnáth.
Tá na réitithe ar fáil anseo 👉 https://t.co/hMS0MB6KGu
#gaeilge
@lil_cain@unaeb Tá sé níos pearsanta anois & daoine i dteagmháil lena chéile thar an fón agus/nó go pearsanta. Ach Zoom fós mar rogha. Déantar iarracht tú a nascadh le tuismitheoir i do cheantar féin nó le duine leis an taithí céanna más féidir. Déanfar iarracht daoine a nascadh le líonra.
An bhfuil tú an tógáil páistí le Gaeilge nó ag smaoineamh faoi? Ar mhaith leat a bheith i dteagmháil le tuismitheoir eile atá ag tógáil páistí le Gaeilge chun comhairle & tacaíocht a fháil? Cláraigh le Cara Teanga Tí ar https://t.co/fKpYuKaDgk - https://t.co/o8Dipc7fsi