Bainisteoir Stáisiúin Raidió na Life 106.4FM, stáisiún raidió pobail Gaeilge BhÁC. Ceoltóir, taistealaí. Tuairimí pearsanta. Ní hionann athghiolc / ♡ agus aontú
Go raibh maith agaibh @RTEArchives as seo a roinnt! @DDonnellyInd, nach bhfuil sé go hiontach go bhfuil @raidionalife fós anseo 31 bliain i ndiaidh ár gcéad lá ar an aer in 1993 - agus an réimse clár is leithne dá bhfuil le cloisteáil fós ar RnaL! @CNaM_ie@ForasnaGaeilge@CRAOL
Ár mbuíochas le Sharon a ghlac an t-am chun a dea-ghuí a chur chugainn ar chothrom 30 bliain an lae ó tháinig @raidionalife ar an aer. Duine de na sluaite a chur tús le gairmeacha beatha sna meáin chumarsáide trí bhualadh isteach go RnaL le triail a bhaint as! #RnaL30
Tá Lá Fhéile Jordi ag teannadh linn agus tá imeacht an-speisialta Gaeilge/Catalóinise beartaithe againn don Luan seo! Caint agus ceol, rósanna agus leabhair - bígí linn ag @maynoothsu. Fáilte roimh chách!
Clár iontach mar gheall ar an dráma clúiteach An Triail le cloisteáil ar @raidionalife anocht ag a 8pm! Tabhair cluas le héisteacht dó! 106.4FM i mórcheantar BÁC agus ar fud na cruinne ar https://t.co/vlDNnNFNTz
Oíche ghalánta agus mar a deir tú, a Emma, spreagúil! Carthanachtaí & grúpaí pobail iontacha ar fud na tíre ag déanamh obair dhochreidte. Cúis bhróid dúinne i @raidionalife ainmniúchán a fháil don ghradam náisiúnta don nGaeilge & comhghairdeas le @GaillimhGaeilge as é a bhuachan!