Bronnadh Sparántacht an Bhlascaoid na bliana seo ar Shibéal Ní Ógáin agus Antaine Ó Séaghdha in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin i rith an deireadh seachtaine. Comhghairdeachas ó chroí libh beirt!
Tá 4000 duine atá ag glacadh páirte i Maratón an Daingin ar maidin mórthimpeall Chinn Sléibhe
Tá scata ó pharóiste Dhún Chaoin ag glacadh páirte sa leathmharatón, agus iad ag bailiú airgid do thionscadal chlós súgartha Dhún Chaoin.
Beidh mé fhéin agus scata eile ón bParóiste ag rith amárach ar son páirc spraoi nua do leanaí Dhún Chaoin. Bheimís buíoch as bhúr dtacaíocht más féidir libh é. @saolodheas@TDhuibhne@NuachtBnG @DDeibhinn @BFirtear https://t.co/kP5MObONfs
Togra Teic! Cuir podchraoladh nó físeán gearra chugainn fé’n 18ú Lúnasa - ualach duaiseanna dos na haon aoisghrúpa. Ag súil leis an mbailiúchán! #SeoÍAnGhaeltacht
Sibéal Ní Ógáin, Tom Ó Neachtain agus Ruairí Ó hÓgáin linn anois. @RTERnaG Bhronn @TDhuibhne gradaim orthu le déanaí as a bhfuil déanta i @PCD_07 agus sa phobal chun an Ghaolainn a chur chun cinn.
🤩 Duaiseanna Gradam Gaeltachta agus Gaisce Gaeltachta bronnta ar scoláirí iontacha na Pobalscoile. Comhghairdeachas le Ruairí Ó hÓgáin & Tom Ó Neachtain, Bl. 4, a bhuaigh an Gaisce, is le Sibéal Ní Ógáin, Bl. 6, a bhuaigh an Gradam. Ceannairí teangan den scoth. #SeoÍAnGhaeltacht
#GaiscíPCD2023 Bhí Caitlín Ní Shúilleabháin, Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga Thobar Dhuibhne i láthair chun dhá ghradam ana speisialta a bhronnadh: Gradam Gaisce Gaeltacha ar Ruairí Ó hÓgáin agus ar Tom Ó Neachtain agus an Gradam Gaeltachta ar Shibéal Ní Ógáin.
Agallamh agam fhéin agus Meadhbh agus sinn ag labhairt faoin dtaithí a bhí againn ag fás aníos anseo i gCorca Dhuibhne🎙️🎶🎧
Tá an podchraoladh iomlán (cruthaithe ag Coiste Gaelainne PCD) le fáil anseo 👇👇 Caith cluas éisteachta air!
https://t.co/IW0sCfcI0B