🇧🇪 Turas tíreolaíochta chun na Beilge
An Vallóin: Ceantar Fraincise faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíochta, ach le tírdhreach tuaithe álainn agus uaimheanna aolchloiche Han; ceann de na háiteanna is fearr le Roinn Tíreolaíochta CGNM!
@GhlorNaMara@Oide_Geography@Leargas
🇧🇪 Turas tíreolaíochta chun na Beilge!
Thug muid go léir i ngrá leis an mBruiséil. Caint spreagúil sa Pharlaimint, an Grand Place, an Atonium & Mini-Europe 👌🏻
@GhlorNaMara@Oide_Geography@EidinGallagher@Europarl_GA
🇮🇪🇦🇹🇵🇹🇪🇺 #MountainsForChange
Chun deireadh a chur lenár seachtain in Éirinn, thaispeáin muid ár réigiúin thar sáile do na cuairteoirí. Chaith muid lá i mBinn Éadair agus Oileán Mhic Neasáin chun taitneamh a bhaint as na radharcanna ó pheirspictíocht nua.
@Leargas@GhlorNaMara
🇪🇺🇮🇪🇦🇹🇵🇹 #MountainsForChange
Sa seomra ranga lasmuigh don lá inniu, chaith an rang Erasmus+ tréimhse ag foghlaim conas taitneamh a bhaint as na Sléibhte Cuaille ar bhealach inbhuanaitheach. Spraoi den scoth i gCarlainn, Co. Lú!
@GhlorNaMara@Leargas@Leargas_etwinn
🇮🇪🇦🇹🇵🇹 #MountainsForChange
Lá 3: Dhreap an grúpa na hAlpa agus d’fhoghlaim siad conas siúlóid shneachta a dhéanamh i gceart; aclaíocht Alpach a thaitin go mór leo agus a thagann go mór le spiorad an tionscnaimh - sléibhte a úsáid ar bhealach inbhuanaitheach
@Leargas@GhlorNaMara
🇮🇪🇦🇹🇵🇹 #MountainsForChange
Ní bréag á rá nach mbeidh an saol riamh mar an gcéanna dár ndaltaí tar éis na seachtaine sin ar bharr na hEorpa. Meas againn ar na sléibhte agus tiomanta chun iad a chosaint/a chur chun cinn. Ag súil go mór lenár gcairde a fheiceáil in Éirinn go luath!
Bhí turas den scoth ag na daltaí tíreolaíochta B5 inniu i gCill Mhantáin. Chonaic muid:
🗻Fillsleibhte
🌊Easanna
🪨Carraigeacha éagsúla
⛰️Gleannta
Lá dár saol gan dabht! @GhlorNaMara @AFPatrunachta @Oide_Geography
Lá 4!
Dhreap muid sliabh idir an Ghearmáin agus an Ostair le Nead an Iolaire a shroicheadh; seantheach Alpach Hitler. Ansin fuair muid turas sna mianaigh salann agus chríochnaigh muid an lá i mBerchtesgarden!
@GhlorNaMara @AFPatrunachta @StairCGNM@TCgnm