@SportTG4@MohillGAA@BallinamoreSOH@LeitrimGAA Maith sibh as an sárchlúdach a rinne sibh ar an gcluiche sin agus as peil Liatroma a chur os comhair an tsaoil mhóir! An bhfuil sibh ag dul an athimirt a chraoladh freisin?
@maitiuocoimin @McGroryOrla @SSuaimhneas@rte@RTERnaG Go díreach glan, ach oiread le ‘try’ agus ‘no try’ sa rugbaí. Cheapfainnse gurb in is soiléire. Dá mba fheidhm chumarsáide a shamhlaigh an dream a cheap an córas leis an GA, b’fhéidir gur cur chuige den tsórt sin a bheadh roghnaithe acu.
Táin an Chrócaigh.
Roinnte smaointe a rith liom faoin nasc idir eipic mhór na nGael agus cluiche mór an Domhnaigh, mar aon le teachtaireacht atá folaithe i bhforbairt an scéil ársa, teachtaireacht a bhfuil tábhacht ar leith léi dúinn in 2024.
https://t.co/j7Gy92uR7O
Tá ríméad orm an léirmheas a scríobh mé faoi Na Ríthe Beaga a fheiceáil i gcló in @IrisComhar. Cur síos atá ann ar an leabhar féin agus ar an bpíosa cainte a rinne @MairinBhilly ina thaobh ag Éigse na Bruiséile cúpla mí ó shoin.
@Barzaz_ie.
https://t.co/7lSrW7RhjB
Tornóg aoil i mbarr an tsáilín i Muighinis. Thabharfaí aolchloch isteach as Árainn sna seanlaethanta agus dhófaí na clocha aoil sa tornóg. Chuirfí ar na fataí an púdar mar leasú & ar bhallaí tí. #IorrasAithneach